ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis d’ealaíontóirí: Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna


poetry ireland writers in school

Creidiúint Íomhá: Éigse Éireann

Glaoch ar Iarratais: Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna

Spriocdháta: oscailte go leanúnach

Is féidir iarratas a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus tá an scéim oscailte d’fhilí, úrscéalaithe, scéalaithe, scríbhneoirí ficsin do dhéagóirí, scríbhneoirí do pháistí, drámadóirí agus scríbhneoirí scripte le bheith mar chuid d’eolaire Scríbhneoirí sna Scoileanna

Le 22 bliain anuas, thug an scéim seans do níos mó ná 500,000 leanbh obair go dlúth le scríbhneoirí sa seomra ranga. Cuireann Éigse Éireann clár cuimsitheach forbartha gairmiúla agus tacaíochta d'iarratasóirí rathúla ar fáil sula liostáiltear iad ar eolaire na scríbhneoirí.

Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha tuilleadh faisnéise a fháil faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus an fhoirm iarratais ar líne ón nasc seo a leanas:

https://www.poetryireland.ie/education/information-for-writers/



Foilsithe

27/2/2023

Foirmeacha Ealaíne

Litríocht

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre