ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deiseanna mar Chomhlach Cruthaitheach le Scoileanna Ildánacha


Creidiúint Íomhá : Comhairle Ealaíon na hÉireann

Tionscnamh na Comhairle Ealaíon um Chomhlacha Cruthaitheacha

Spriocdháta: 12 meán lae, Dé Máirt an 18 Aibreán 2023

Tá ríméad ar Scoileanna Ildánacha/Creative Schools deis spreagúil a fhógairt d’ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus daoine aonair atá ag obair in eagraíochtaí in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir.

Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon idir 100 agus 120 Comhlach Cruthaitheach a fhostú chun tabhairt faoi obair i suas le 400 scoil ar fud Phoblacht na hÉireann. Is é is comhlach cruthaitheach ann ná ealaíontóirí nó cleachtóirí cruthaitheacha a bhfuil tuiscint dhomhain acu ar an gcruthaitheacht agus a hacmhainn chun saol leanaí agus daoine óga a athrú ó bhonn.Tá ról lárnach acu i dtaca le rathúlacht thionscnamh na Scoileanna Ildánacha.Is féidir le daoine aonair nó eagraíochtaí ar mian leo duine aonair a ainmniú cur isteach ar an deis seo.

Tá na sonraí iomlána faoi na seirbhísí agus an chaoi le hiarratas a dhéanamh ar fáil ar https://www.artscouncil.ie/creative-associate-opportunities/

Ní mór iarratais a chomhlánú agus a chur isteach roimh 12 meánlae Dé Máirt an 18 Aibreán 2023.