ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Éire Ildánach - Todhchaí Chruthaitheach: Tuairisc ar Dhul Chun Cinn


Photo of little boy holding camera in front of his face.

Creidiúint Íomhá : Alana Daly Mulligan

Éire Ildánach

Tá tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh in 2022, Todhchaí Chruthaitheach, eisithe ag Éire Ildánach. Leagtar béim inti ar thionscnaimh na bliana, lena n-áirítear an dul chun cinn a rinneadh faoin bPlean Óige Ildánach. Foilsíodh Plean Óige Ildánach i mí na Nollag 2017 agus bhí sé d’aidhm aige rochtain phraiticiúil a sholáthar do gach aon pháiste ar theagasc, taithí agus rannpháirtíocht san ealaín, sa cheol, sa drámaíocht agus sa chódú faoi 2022.

Bhí áthas ar Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spóirt agus na Meáin an tionscadal a shíneadh go dtí 2027.

Faoin tionscadal, ghlac 185 scoil agus saoráid Ógtheagmhála páirt sa chlár Scoileanna Ildánacha. Áirítear orthu seo ceithre scoil bhreise i suíomhanna malartacha a gheobhaidh tacaíochtaí feabhsaithe: Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh; Scoil Speisialta Ardtacaíochta Bhaile Uí Dhúda ; Scoil Speisialta na Crannóige Nua, Port Reachrann; agus Scoil Speisialta Naomh Cainneach, Luimneach.

Áirítear ar na buaicphointí eile:

  • chláraigh 153 scoil nua sa 42 braisle ildánach thar ar an tír.
  • bronnadh 629 cónaitheacht ealaíontóra scoile nua faoi BLAST (Na healaíona beo a thabhairt go dtí na Scoláirí agus na Múinteoirí) don bhliain scoile 2022/2023

Chun an tuairisc ar an dul chun cinn ina iomláine a léamh féach : https://report2022.creativeireland.gov.ie/

Chun níos mó a léamh faoi na chéad 5 bliana d’Óige Ildánach, féach https://www.creativeireland.gov.ie/app/uploads/2022/08/Creative-Youth-Plan-2017-2022.pdf



Foilsithe

16/3/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre