Deis do Scoileanna: Comórtas Ealaíne Ghradaim Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte
Webwise / SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas
Spriocdháta: Dé hAoine, an 21 Aibreán
Tá Gradaim Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte ar ais agus i mbliana tá catagóir speisialta nua ann do lucht na n-ealaíon atá ag teacht chun cinn.
NUA: Comórtas Ealaíne le haoimholtóir ar leith – ealaíontóir Éireannach – Maser. Bíodh an seans agat do shaothar a thaispeáint i ndánlann! Níl ort ach póstaer a dhearadh faoin téama Meas agus Comhbhá Ar Líne.
- Molfaidh Ealaíontóir Éireannach Idirnáisiúnta Maser na hiontrálaithe.
- Oscailte do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna.
- Dáta deiridh: an 31 Márta.
Catagóirí don Bhunscoil:
Rang a 1 agus a 2 | Rang a 3 agus a 4 | Rang a 5 agus a 6
Catagóirí don Iarbhunscoil:
Bliain a 1 agus a 2 | An Idirbhliain | Bliain a 5 agus a 6
Conas d’iontráil a chur isteach:
Cuir d’iontráil sa phost chuig: Webwise / SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas, Teach Nuálaíochta Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Alpha, Seanbhóthar Fhionnghlaise, Bhaile Átha Cliath 11, D11 KXN4.
Cur an t-eolas seo a leanas san áireamh: Ainm, scoil, sonraí conartha an mhúinteora, catagóir ina bhfuil tú ag cur isteach, mionchur síos ar an bpóstaer.
Le níos mó sonraí a fháil faoin gcomórtas, féach https://www.webwise.ie/ga/nuacht-ga/comortas-postaeir-taispeanfar-na-saothair-bhuaiteacha/
Foilsithe
16/3/2023