ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh 2023: Taispeántas na nEalaíon Comhoibríoch san Oideachas i gcomhar le Sample-Studios


2022 Portal Documentation Award Recipient, Creative Cluster and BLAST Project, Music Makes Me Happy, St. Patricks Girls NS, Limerick.

Creidiúint Íomhá: Faighteoir Dámhachtana do Dhoiciméadú Tairsí 2022, Tionscadal BLAST agus Braisle Cruthaithí ‘Cuireann Ceol Áthas Orm’, Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig Cailíní, Luimneach.

Tairseach na nEalaíon san Oideachas

Dáta: 27 Aibreán - 27 Bealtaine

Mar chuid de Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh, de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas i mbliana, tá áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le Sample-Studios i gcathair Chorcaí le haghaidh comhthaispeántais a bheidh ar siúl ar feadh mhí na Bealtaine ina ndánlann i bPailliún an Ard-Mhéara. Taispeánfaidh an taispeántas saothar ó ealaíontóirí i réimse na n-ealaíon agus na cruthaitheachta san oideachas atá lonnaithe i réigiún an Iardheiscirt.

Seolfar an taispeántas mar chuid de Lá Réigiúnach an Earraigh 2023 a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 6 Bealtaine i gColáiste Ealaíne & Deartha Crawford, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gcomhpháirtíocht le Roinn na nEalaíon sa Sláinte & san Oideachas, agus ealaíon i dtionscadail oideachais agus cleachtas cruthaitheach san Iar-Dheisceart á chur i láthair.

I mí na Samhna 2021, chuir Stiúrthóir Ealaíne Sample-Studios, Aoibhie McCarthy, agus ball agus príomhtheagascóir an Chláir Oideachais Kate McElroy i láthair do Chomhdháil Bhliantúil Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas faoinár gClár na nGairmeacha Ealaíonta Chorcaí agus faoi Chlár Coimeádaithe agus Léirmheastóirí Óga Chorcaí. Tríd an nasc seo mar chainteoirí, chuir Sample-Studios agus Tairseach na nEalaíon san Oideachas tús le hidirphlé faoin ngá le próifíl a thairiscint do chleachtóirí oideachais ealaíon i gCúige Mumhan, chun comhroinnt eolais a spreagadh i measc piaraí agus comhoibrithe, chomh maith le feasacht i measc lucht féachana/éisteachta níos leithne faoin ról tábhachtach atá ag oideachas ealaíon agus ag oideachasóirí ealaíon sa phobal.

Trí chomhoibriú le Sample-Studios ar thaispeántas chun cur leis an gclár, cuirfear deis ar fáil don lucht féachana/éisteachta agus do lucht féachana poiblí níos leithne plé níos doimhne a dhéanamh ar an gcleachtas cruthaitheach a roinneadh ar an lá agus sraith rannpháirtíochta eile a chur leis. Tá an taispeántas á chomheagrú ag foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas le Sample-Studios agus tugtar cuireadh do phríomhchainteoirí agus do láithreoirí ag Lá Thairseach Réigiúnach doiciméadú agus saothar ealaíne a thaispeáint ó shamplaí dea-chleachtais dá gcuid saothar féin. Reáchtálfar fáiltiú oscailte do thoscairí mar chuid den chlár Lá Réigiúnach.

Bí ag faire amach do chlár iomlán Lá Réigiúnach an Earraigh agus sonraí áirithinte a fhógrófar sna seachtainí amach romhainn. Beidh áirithint roimh ré riachtanach le freastal air.

Foilsithe

30/3/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Corcaigh