ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis le haghaidh Forbairt Ghairmiúil: Uirlisí Úsáide Cleachtais Shóisialta


Sráideanna Chorcaí, Ealaín Phobail Chorcaí le Grúpa Infheictheachta an Lucht Siúil. Creidiúint an Phictiúir: Darragh Kane

Comhairle Chathair Chorcaí agus Comhairle Contae Liatroma

Spriocdháta: Dé Luain an 10 Aibreán 

Tugann Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Chorcaí agus Oifig Ealaíon Chontae Liatroma cuireadh d’ealaíontóirí ag a bhfuil spéis ar leith i gcleachtas ealaíne le páistí agus daoine óga chun páirt a ghlacadh i ndeis forbartha gairmiúla SAOR IN AISCE.

Tacaíonn an Scéim Cuireadh na Comhairle Ealaíon chun Comhoibriú leis an gclár spreagúil seo dar teideal Social Practice Toolkit: Children and Youth, agus beidh sé ar siúl ar fud mhí na Bealtaine agus ar fud mhí an Mheithimh. Tá sé dírithe ar ealaíontóirí agus ar oibrithe ealaíne a bhfuil fonn orthu eolas a chomhroinnt agus feabhas a chur ar scileanna sna healaíona comhoibríocha agus ealaín rannpháirtíochta le páistí agus daoine óga.

Is é meán oíche Dé Luain an 10 Aibreán an spriocdháta le hiarratais a chur isteach. Téigh i dteagmháil le sptoolkit2023@gmail.com má tá aon cheist agat.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh téigh chuig:

http://www.leitrimcoco.ie/eng/community-culture/arts/grants-opportunities/social-practice-toolkit-children-youth/social-practice-toolkit-children-youth.html

Foilsithe

4/4/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Corcaigh