ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An Roinn Oideachais: BLAST agus Braislí Cruthaitheacha


Creidiúint na hÍomhá: An Roinn Oideachais 

Spriocdhátaí: 

BLAST: An 19 Bealtaine 2023

Braislí Cruthaitheacha: An 12 Bealtaine 2023

Thug an tAire Oideachais Norma Foley TD cuireadh do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna chun cur isteach ar thionscnamh na n-ealaíon san oideachas, Na healaíona beo a thabhairt go dtí na Scoláirí agus na Múinteoirí (BLAST) 2023 agus Braislí Cruthaitheacha. 

 

BLAST - Ealaíona Beo a thabhairt do Scoláirí agus do Mhúinteoirí

Beidh BLAST á reáchtáil in 2023 don tríú huair. Cuirfidh clár 2023 425 cónaitheacht nua ealaíona san oideachas ar fáil i scoileanna i gcaitheamh na bliana.

Is é cuspóir atá ag BLAST ná chun am agus spás a chur ar fáil do dhaltaí ar fud na tíre, le hoibriú le healaíontóir gairmiúil ar thionscadail chruthaitheacha, shamhlaíocha agus spraíúla.

Le haghaidh Iarratais i mBéarla agus i nGaeilge, téigh chuig: https://www.edcentretralee.ie/blast.html

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais an 19 Bealtaine 2023.

 

Braislí Cruthaitheacha 

Gheobhaidh gach Braisle Chruthaitheach maoiniú deontais dar luach €3,000 in aghaidh na scoile ar thréimhse dhá bhliain chun a tionscadal a chur i bhfeidhm sna scoilbhlianta 2023–2025 (m.sh. gheobhadh braisle de thrí scoil €9,000 thar thréimhse dhá bhliain, agus gheobhadh braisle de chúig scoil €15,000 thar thréimhse dhá bhliain). Gheobhaidh na braislí 50% den mhaoiniú deontais iomlán i mBliain 1, agus cuirfear an dara 50% ar fáil i mBliain 2.  I dteannta leis an méid sin, cé nach bhfuil baint ná páirt acu seo leis an maoiniú deontais, tacófar leis na braislí a n-éireoidh leo tuilleadh trí na rudaí seo a leanas: Éascaitheoir Braisle Cruthaithí íoctha ina iomláine; Ionadaíocht Múinteoirí íoctha chun freastal ar an oiliúint agus ar na cruinnithe; seomra ar cíos, taisteal agus bia.

Le haghaidh Iarratais i mBéarla agus i nGaeilge, téigh chuig: https://www.edcentretralee.ie/creative-clusters.html

Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais an 12 Bealtaine 2023.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar an dá tionscnamh téigh chuig: https://www.gov.ie/en/press-release/5e9e9-minister-foley-announces-call-for-applications-from-schools-for-blast-2023-and-creative-clusters-initiatives/

Foilsithe

6/4/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

irish schools