Clár Scoileanna Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann 2023
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (NGI)
Chuir Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a gclár earraigh amach do na scoileanna. Cuimsítear le cuid de na buaicphointí:
AR AN LÁTHAIR:
Turas Scoile: Buaicphointí an bhailiúcháin (saor in aisce)
Am Téarma. Gach Máirt, Céadaoin, Déardaoin ag 10 r.n., 11 r.n., 12 i.n. agus 1 i.n.
Fiosraigh na seoda sa bhailiúchán náisiúnta ach páirt a ghlacadh i bplé spéisiúil le saintreoraithe an Ghailearaí Náisiúnta ar an turas scoile seo, saor in aisce. Beidh an turas saor in aisce, agus díreofar ann ar dhialóg, ar cheistiúchán agus ar chruthaitheacht, tabharfaidh sé ugach don scoláire breathnú ar rud, freagairt dó, agus teacht ar thuairimí. Cuirfear an turas in oiriúint de réir aois agus leibhéal do ghrúpa agus tá sé ar fáil i nGaeilge, i mBéarla nó i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.
Tá turais scoile saor in aisce agus tá sé riachtanach áit a chur in áirithe. Cuir do thuras in áirithe anseo
Turas Sceitseála (€35)
Am Téarma. Gach Déardaoin ag 12.30 i.n.
Déan scrúdú níos mine ar an mbailiúchán náisiúnta ar an turas sceitseála seo le healaíontóir ó phainéal treoraithe NGI. Úsáid sceitseáil chun scrúdú a dhéanamh ar mhionrudaí agus ar teicnící agus chun freagairt dóibh. Roghnóidh do threoraí roinnt príomhshaothar ealaíne le scrúdú go mion ar an turas seo. Cuirfear an turas in oiriúint de réir aois agus leibhéal do ghrúpa agus tá sé ar fáil i mBéarla.
Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe. Cuir do thuras sceitseála in áirithe ar líne
AR LÍNE:
Gailearaí sa Seomra Ranga (saor in aisce)
Am Téarma. Dé Luain - Dé hAoine ag 12 i.n.
Fiosraigh na seoda sa bhailiúchán náisiúnta ach páirt a ghlacadh i bplé spéisiúil ar líne le duine de na saintreoraithe atá acu. Beidh an seisiún dírithe ar dhialóg, ar cheistiúchán agus ar chruthaitheacht, tabharfaidh sé ugach don scoláire breathnú ar rud, freagairt dó, agus teacht ar thuairimí. Cuirfear an seisiún seo ar líne in oiriúint de réir aois agus leibhéal do ghrúpa agus tá sé ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla. Is féidir leat ceann de na téamaí seo a leanas a roghnú: Buaicphointí an Bhailiúcháin; Portráidí; Ealaín na hÉireann; Ealaín na hEorpa.
Cuir Gailearaí ar líne in áirithe i seisiún an tSeomra Ranga
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tairiscint an tEarrach seo ag NGU téigh chuig https://www.nationalgallery.ie/explore-and-learn/schools/schools-programme