ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Réigiúnach an Earraigh 2023 de chuid na Tairsí – Fógairt an Chláir


Íomhá: Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Creidiúint: Studio Rove.

Tairseach na nEalaíon san Oideachas

Dáta: Dé Sathairn, an 6 Bealtaine 2023

Tá an-áthas ar Fhoireann na Tairsí clár iomlán Lá Réigiúnach an Earraigh de chuid Thairseach na hEalaíon san Oideachas a fhógairt. Beidh an Lá ar siúl Dé Sathairn, an 6 Bealtaine i gcathair Chorcaí i gColáiste Ealaíne is Deartha Crawford, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gcomhpháirt le Roinn na nEalaíon sa tSláinte & san Oideachas, agus Roinn na Mínealaíne & na hEalaíne Feidhmí. Tá lúcháir orainn freisin, i gcomhpháirtíocht le Sample-Studios i gCorcaigh, taispeántas de shaothair le healaíontóirí i réimse na n-ealaíon san oideachas atá lonnaithe i réigiún an Iardheiscirt a chur i láthair. Déanfar léiriú taispeántais a reáchtáil i bPailliún an Ardmhéara chun clabhsúr a chur le clár an lae ó 3:30pm; tá fáilte roimh thoscairí freastal air ansin nó cuairt a thabhairt ar an taispeántas a bheidh ar siúl go dtí an 27 Bealtaine.

Cuirimid fáilte roimh mhúinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leis nó léi na healaíona san oideachas i gCorcaigh, i gCiarraí, i Luimneach agus i dTiobraid Árann a bheith linn le haghaidh na n-imeachtaí saor in aisce seo.

Áirítear ar chlár an lae sraith de chuir i láthair ar maidin; déanfaidh an t-ealaíontóir Jane Hayes plé ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le cothromaíocht a aimsiú idir cleachtadh stiúideo agus tionscadail sna healaíona comhoibríocha, agus an misean atá aici an dá rud a dhéanamh leanbhlárnach. Tar éis an phlé seo, déanfaidh an cumadóir Fiona Linnane na gníomhaíochtaí a fhiosrú, arb iad, dar léi, na gníomhaíochtaí is éifeachtaí chun na scoláirí a mhealladh le linn a cónaitheachtaí trí chur i láthair, trí phlé agus trí chleachtaí cruthaitheacha.  

Sa tráthnóna, bí i gcuideachta Julie O’Hea, amharc-ealaíontóir atá lonnaithe in iarthar Chorcaí, le haghaidh ceardlann cruthaitheach sa dúchan agus sa phriontáil ábhar datha hapa-zome. Gealltar go mbeidh an seisiún seo smeadráilte spraíúil agus neart le foghlaim uaidh.


Conas áit a chur in áirithe

Tá na ticéid le haghaidh Lá Réigiúnach an Earraigh 2023 de chuid na Tairsí saor in aisce ach tá sé riachtanach áit a chur in áirithe, mar go bhfuil teorainn le líon na n-áiteanna.

Chun d’áit a chur in áirithe, téigh chuig https://www.eventbrite.ie/e/arts-in-education-portal-regional-day-south-west-tickets-600696769207

Féachaint Ar Líne:

Dóibh siúd nach mbeidh in ann a bheith linn go fisiceach ar an lá, beidh cainteanna agus cuir i láthair na maidine ar fáil le gur féidir breathnú siar orthu ar líne tar éis na comhdhála. Is féidir clárú chun breathnú tríd an nasc anseo: https://forms.gle/MF4NLWcRWq8t15nk8.

Tabhair faoi deara: Beidh ateangaireacht i dteanga chomharthaíochta na hÉireann ar fáil ar an láthair agus ar na taifeadtaí físe.


Sceideal

10:00am — Clárúchán & caife ag Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Sráid Sharman Crawford

10.15am — Aitheasc Fáilte

10:30am — An Tairseach: Inrtreoir achomair le Edel Doherty, Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own (Bainisteoirí Ábhar na Tairsí) 

10:45am — Cur i láthair ‘The Voice of the Child in Creative Decision-Making – The Early Years Context’ le Jane Hayes. Bí i gcuideachta an ealaíontóra luathbhlianta Jane Hayes le haghaidh plé neamhfhoirmiúil faoina cleachtas sna hamharcealaíona pobalghníomhacha agus a cuid oibre le agus do leanaí an-óg.

11:30am — Cur i láthair ‘Tutti - Exploring pathways to inclusivity for music composition in the classroom’ le Fiona Linnane. Roinnfidh an cumadóir Fiona Linnane an méid a d’fhoghlaim sí, mar ealaíontóir a chuir cónaitheachtaí scoileanna ar fáil trí cheol agus fuaim a fhiosrú, maidir leis na cuir chuige ionchuimsitheacha is mó a d’aimsigh sí i gcumadóireacht ceoil sa seomra ranga.

12:15pm — Lón & líonrú

1:15pm — Siúlóid go dtí Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Sráid an Chapaill Bhuí

1:30pm - 3:00pm — Ceardlann Chruthaitheach ‘Pigments from Nature’ leis an ealaíontóir Julie O’Hea i gColáiste Ealaíne & Deartha Crawford in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Sráid an Chapaill Bhuí. Déanfaidh an t-amharc-ealaíontóir Julie O’Hea cur i láthair ar an dúchan agus priontáil ábhar datha hapa-zome, i seisiún cruthaitheach smeadráilte spraíúil a mbeidh neart le foghlaim uaidh.

- - - - - - - - - 

3:30pm — Léiriú taispeántais agus fáiltiú i bPailliún an Ard-Mhéara

5:00pm — clabhsúr

 

Taispeántas na nEalaíon Comhoibríoch san Oideachas i gcomhar le Sample-Studios i bPailliún an Ardmhéara

27 Aibreán - 27 Bealtaine

Uaireanta oscailte an taispeántais:

Máirt - Satharn, 11am - 4pm

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Lá Réigiúnach, cuir rphost chuig: events@artsineducation.ie