ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ionad Oideachais Mhaigh Eo: Seisiún na nEalaíon Cruthaitheach do Mhúinteoirí


Creidiúint na hÍomhá: Ionad Oideachais Mhaigh Eo

Ionad Oideachais Mhaigh Eo

Dáta: An 30 Bealtaine 2023

Tugann Ionad Oideachais Mhaigh Eo cuireadh do mhúinteoirí chuig seisiún ealaíne a spreagfaidh iad chun triail a bhaint as roinnt ábhar agus a bheith cruthaitheach leis na hábhair chéanna chun saothair ealaíne dhéthoiseacha agus thríthoiseacha a chruthú.  Beidh "Making the Season Creative with Art” á reáchtáil ag an ealaíontóir Jennifer Hickey, agus is seisiún praiticiúil aghaidh ar aghaidh a bheith ann, ina ndéanfar fiosrú ar phróisis a bhaineann le healaín a chruthú ach úsáid a bhaint as réimse ábhar agus a chuirfidh eispéireas foghlama samhlaíoch ar fáil, eispéireas foghlama is féidir le múinteoirí a thabhairt ar ais chuig an seomra ranga.

Oibreoidh na rannpháirtithe le réimse ábhar lena n-áirítear; cré, dúigh, péint, cárta agus ábhair ón dúlra.

Tá sé dírithe ar mhúinteoirí ag gach leibhéal taithí agus tá sé feiliúnach do mhúinteoirí i ranganna sóisearacha agus sinsearacha.

Torthaí Foghlama

  • Foghlaim bealaí nua agus éasca chun ábhair nádúrtha a thabhairt isteach sa seomra ranga.
  • Faigh eolas faoi na healaíontóirí comhaimseartha a dhéanann iniúchadh ar a dtimpeallacht agus a úsáideann ábhair nádúrtha ina gcuid oibre.
  • Fiosraigh próisis phraiticiúla cheardaíochta a chuirfidh folláine chun cinn agus a spreagfaidh an seomra ranga freagraí a thabhairt, iniúchadh a dhéanamh agus an seisiún a thuiscint go físiúil agus go cruthaitheach.

Dáta: An 30 Bealtaine, 7 i.n. - 9 i.n.

Táille: Saor

Chun áit a chur in áirithe: https://mayoeducationcentre.ie/

Foilsithe

27/4/2023

Foirmeacha Ealaíne

Ceardaíochta

Foirm il-ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Maigh Eo