ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Turais Scoile agus Ceardlanna sa Mhúsaem Hunt


Creidiúint Íomhá: Músaem Hunt

Músaem Hunt

Dátaí: Leanúnach

Tar chuig Músaem Hunt le haghaidh réimse roghanna de thurais agus ceardlanna sa mhúsaem, agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí ar gach aois lena n-áirítear pleananna ceachta, físeáin agus gníomhaíochtaí.

I measc roinnt buaicphointí na gceardlann, beidh na nithe seo a leanas:

Bunscoil:

An Saol sa Chré-umhaois

Fad ama: 60 nóiméad

Spreagfar daltaí sa cheardlann seo chun ábhair agus cleachtais mhuintir na Cré-umhaoise in Éirinn a phlé de réir téamaí. Cuirfear ar chumas na ndaltaí iniúchadh a dhéanamh agus úsáid a bhaint as bailiúcháin na Cré-umhaoise, mar fhianaise, atá ar taispeáint sa Mhúsaem Hunt. Cuirfear tuilleadh deiseanna don fhoghlaim bunaithe ar fhiosrú ar fáil nuair a láimhseálfar déantúsáin réamhstairiúla mhacasamhlacha. Beidh deis ag daltaí triail a bhaint as roinnt teicneolaíochtaí réamhstairiúla simplí freisin. Sa cheardlann seo, tabharfar na daltaí ar siúlóid tríd an amlíne réamhstairiúil de réir mar a fhoghlaimeoidh siad faoi mar a nochtadh teicneolaíochtaí agus faoi mar a rinne siad dul chun cinn ón gClochaois go dtí an Chré-umhaois.

An Clár um Thóraíocht Ainmhithe ar líne

Dáta: Féach ar an bhfíseán ar do sceideal

Cuirfear daltaí Bunscoile ar an eolas san fhíscheardlann 20 nóiméad seo faoi bhailiúcháin sa Mhúsaem Hunt atá bunaithe ar ainmhithe. Foghlaimeoidh na daltaí faoi mar a léirigh ealaíontóirí ar feadh na staire ainmhithe ina gcuid ealaíne agus faoin bhfáth a bhfuil ainmhithe áirithe tábhachtach do chultúir éagsúla. Cuirfear daltaí ar an eolas faoi na huirlisí taighde ar líne a chuideoidh leo an ghníomhaíocht 3D Tóraíochta Ainmhithe ar líne a chur i gcrích.

Iarbhunscoil

Ceardlann faoi 800 Bliain d’fhaisean

Fad Ama: 60 nóiméad

€3.50 euro an dalta. Beidh cead isteach saor in aisce ag múinteoirí!

Foghlaimeoidh daltaí sa cheardlann seo faoi éadaí ó ocht ré éagsúla (idir 1200 agus 1920), agus faoi na sochaithe sin. Úsáidfear na hacmhainní agus ábhair sin sa bhailiúchán buan mar fhianaise stairiúil chun tuiscint níos fearr a fháil ar theacht chun cinn an fhaisin le himeacht ama, agus an bhaint atá idir na hathruithe stíle agus na hathruithe sa tsochaí a fháil amach.

Chun áit a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig educationoffice@huntmuseum.com

Chun gach ceardlann agus turas do scoileanna a fheiceáil, téigh chuig: https://www.huntmuseum.com/schools/

Foilsithe

11/5/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Luimneach