ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Tionscnamh na Scoileanna Ildánacha 2023 oscailte le haghaidh iarratas


Creidiúint Íomhá: An Chomhairle Ealaíon, ceiliúradh na Scoileanna Ildánacha, Gaillimh, 2019

Comhairle Ealaíon na hÉireann

Spriocdháta le hAghaidh Iarratas: Déardaoin an 15 Meitheamh 2023 ag 5.30pm

Gradam Uasta: le €4,000

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ar Thionscnamh na Scoileanna Ildánacha! Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil de chuid na Roinne Oideachais agus ionaid Ógtheagmhála nár ghlac páirt cheana sa chéad bhabhta de Scoileanna Ildánacha i dteideal iarratas a dhéanamh.

Tacaíonn Scoileanna Ildánacha le bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saoil leanaí agus daoine óga.

Tacaíonn sé le scoileanna/ionaid chun deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta agus d’fhonn bealaí breise oibre a fhorbairt chun an tionchar atá ag an gcruthaitheacht ar an bhfoghlaim agus ar an bhfolláine a neartú.

Glacann na scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála atá páirteach sa chlár páirt in aistear treoraithe dhá bhliain chun Plean na Scoileanna Ildánacha a fhorbairt atá uathúil dá scoil féin agus chun an plean sin a chur i bhfeidhm.  Tá rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa phleanáil, sa chinnteoireacht agus sa mhachnamh lárnach san aistear.

Cuirfear pacáiste de thacaíochtaí ar fáil do na scoileanna/ionaid atá páirteach agus sa phacáiste sin beidh obair le Comhlach Cruthaitheach, oiliúint agus líonrú chun tacú leo Plean na Scoileanna Ildánacha dá gcuid a chruthú chomh maith le síolchistiú chun tosú lena bPlean a chur i bhfeidhm. Gheobhaidh na scoileanna a n-éireoidh leo €4,000 chun a bpleananna a chur i bhfeidhm le linn na scoilbhlianta 2023–24 agus 2024–25.

Treoirlínte Iarratais 2023

Tá na treoirlínte iarratais ar fáil  anseo. Déanfar gach iarratas chuig an gComhairle Ealaíon trí chóras seirbhísí na Comhairle Ealaíon ar líne. Chun teacht ar an bhfoirm iarratais agus chun iarratas a dhéanamh, oscail cuntas eagraíochta do do scoil nó ionad Ógtheagmhála ar chóras seirbhísí na Comhairle Ealaíon ar líne anseo.

Clinicí faisnéise

Glac páirt i gceann de na clinicí faisnéise ar líne dár gcuid chun tuilleadh eolais a fháil.

  • Dé Luain an 15 Bealtaine 2023 ag 16.00-17.00. Cuir ticéid in áirithe anseo.
  • Dé Máirt an 16 Bealtaine 2023 ag 16.00-17.00. Cuir ticéid in áirithe anseo. 

Foilsithe

18/5/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Ar fud na tíre