ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Seolann an tAire Catherine Martin Cruinniú na nÓg 2023


Seoladh Chruinniú na nÓg 2022. Creidiúint Íomhá: Mark Stedman

An Clár um Éire Ildánach

Dáta: 10 Meitheamh 2023

Ar an 11 Bealtaine ag Gairdín Pobal Oileán na Láibe, Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sonraí Chruinniú na nÓg 2023, lá gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga.

I mbliana beidh Cruinniú na nÓg ar an 10 Meitheamh 2023 agus beidh níos mó ná 500 gníomhaíocht chruthaitheacha do leanaí agus daoine óga ann ar fud na tíre. Is comhoibriú é Cruinniú na nÓg 2023 idir an Clár um Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ agus is é an t-aon imeacht dá chineál ar domhan é.

Ag fógairt Chlár Chruinniú na nÓg 2023 di, dúirt an tAire Martin:

“Gach bliain leabaítear Cruinniú na nÓg níos doimhne i saol an aosa óig ar fud na hÉireann. Tá clár ollmhór gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce ann don 10 Meitheamh a dhéanfaidh acmhainn samhlaíochta an aosa óig go léir a thástáil i gceart. Is deis iontach é Cruinniú na nÓg 2023 d’aos óg na hÉireann chun beagán gaisce a dhéanamh, triail a bhaint as gníomhaíocht chruthaitheach nua, agus bualadh le cairde nua agus a bheith i dteagmháil lena bpobail. Tá gach imeacht seo saor in aisce.

Tá roinnt tionscadail chruthaitheacha forbartha ag an gClár um Éire Ildánach agus a chomhpháirtithe straitéiseacha, atá go léir beartaithe le bheith beo Dé Sathairn an 10 Meitheamh 2023. Áirítear leo siúd:

Déanfaidh Líonra na hÉireann um Ealaíona Sráide, Sorcais agus Taispeántas (ISACS) Laethanta oscailte a óstáil do dhaoine óga atá ag iarraidh triail a bhaint as scileanna sorcais agus taispeántas sráide ag a n-ionaid thiomnaithe i gCloch Shiurdáin, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Dóibh siúd nach féidir leo a bheith ann ar an lá, beidh raon iomlán ranganna teagaisc ar líne ar fáil.

Oileán Ríme – I mbliana tá Éire Ildánach ag dul i gcomhar le The Kabin Studio spéis gach duine óig a mhúscailt sa rapcheol. Mar ullmhúchán bhí foireann Oileán Ríme ag taisteal fud fad na tíre ag déanamh sraith de cheardlanna ar líne agus i láthair go pearsanta, a chríochnóidh le lá ollmhór rapála ag Dún Eilíse, a tógadh sa seachtú haois déag, i gCorcaigh.

Ealaín é Seo 2023 – tá comórtas iontach ealaíne Éire Ildánach agus RTÉ do dhaoine óga ar ais, agus fógrófar na hiontrála buacha ar an 10 Meitheamh 2023 chomh maith le gailearaí digiteach náisiúnta ar líne de na hiontrálacha go léir.

Tacóidh TG4, le tacaíocht ó rannóg na Gaeltachta den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le ‘Our World’/‘Mo Dhomhan’, roinnt grúpaí tionscadal Chruinniú na nÓg a mbeidh tionscadail ealaíne gainimh ina measc.

Ambasadóirí Chlár Chruinniú na nÓg 2023

I mbliana, d’iarr Éire Ildánach ar chúigear daoine óga iontacha ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Chruinniú na nÓg 2023 chun daoine eile a spreagadh lena bhfuinneamh cruthaitheach agus scileanna.

Caterina Chiu Paone (8) Anuraidh bhí Caterina buach in This is Art lena colláis faoi chait. Ní hamháin go ndéanann Caterina ealaín, ach is aoibhinn léi damhsa Gaelach, a bheith ag seinm ar an ngiotár, a bheith ag scríobh agus a hamhráin féin a chasadh

Is breá le Sibéal de Spáinn (8) a bheith ag snámh, ealaín a dhéanamh agus cláir raidió a thaifeadadh. Rinne sí a céad chlár raidió in 2022 ar Raidió Rí-Rá. Braitheann sí go hiontach agus go bhfuil sí ag cabhrú leis an domhan nuair a dhéanann sí ealaín.

Jamie (the King) Forde (17) ag rapáil in The Kabin i gCnoc na hAoine i gCorcaigh ó bhí sé 10 mbliana d’aois. Lena chara MC Tiny (Darren Stewart) thaifead Jamie ‘Yeah Boy’, a rinne siad a chasadh ar fud Chorcaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus ar an Late Late Toy Show.

Is ball í Jodie Byrne (14) de Chlub Sorcais Bhaile Átha Cliath, a ndeachaigh sí isteach ann in 2022. Taobh istigh d’am measartha gairid bhí sí ag siúl ar chosa croise i mórshiúl Lá Fhéile Pádraig. Do Chruinniú na nÓg i mbliana beidh sí ag Club Sorcais Bhaile Átha Cliath ag foghlaim conas plátaí a rothlú.

Tá baint ag Archie Evans (15) le Club Sorcais Bhaile Átha Cliath le corradh is bliain agus is breá leis é! Uair sa tseachtain buaileann sé lena chairde sa chlub le gach rud a fhoghlaim, idir shiúl ar chosa croise, traipéis agus lámhchleasaíocht. Trí shorcas bhuail sé le déagóirí eile a dhéanann sorcas ó fud fad na tíre.

Ag teacht le Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais chun comhoibriú tairbheach agus naisc ar fud oileán na hÉireann a dhaingniú beidh clár Chruinniú na nÓg 2023 ar bhonn uile-oileáin le himeachtaí trasphobail ag nascadh leanaí agus daoine óga ó thaobh na teorann, lena n-airítear trínár gcomhpháirtithe in Circus Explored agus Oileán Ríme. Tá an gníomh seo ina pháirt lárnach de ghné an Oileáin Chomhroinnte de Chlár Éire Ildánach a dhíríonn ar thairbhe a bhaint as cumhacht an chultúir agus na cruthaitheachta chun naisc a spreagadh idir daoine, pobail agus áiteanna.

RTÉ ag tacú le Cruinniú na nÓg le feachtas náisiúnta ar theilifís, raidió, ar líne agus digiteach.

Le haghaidh liostaí iomlána imeachtaí agus tuilleadh eolais téigh chuig https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/

Foilsithe

18/5/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Ar fud na tíre