ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Tá na Gradaim Scannán FÍS 2023 do Bhunscoileanna Oscailte d’Iontrálacha


FIS Film Project National Finals

Creidiúint íomhá: Tionscadal Scannáin FÍS

Gradaim Scannán FÍS

Spriocdháta: 30 Meitheamh 2023 ar 5pm

Tá cuireadh oscailte lainseáilte ag FÍS do bhunscoileanna uile na hÉireann atá ainmnithe ag an Roinn Oideachais, a gcuid scannán a chur isteach sa chomórtas náisiúnta bliantúil Dámhachtainí Scannán FÍS.  Ní gá clárú roimh ré.  Le cur isteach ar an gcomórtas, iarrtar ar bhunscoileanna ar fud na tíre scannán (suas le) cúig nóiméad a chruthú ar ábhar dá rogha féin.

Buaicphointí na gCritéar Breithiúnachta:

  • Samhlaíocht agus cruthaitheacht
  • Úrnuacht an scéil
  • Ábharthacht don churaclaim (cuir isteach sonraí an ábhair/na snáithe/an tsnáithe - aonaid nuair is ábhartha)
  • Tacaíocht d'fhorbairt scileanna litearthachta agus/nó uimhearthachta na scoláirí
  • Sármhaitheas i ndearadh seit, dearadh éadaí, stiúrthóireacht scannáin, táirgeadh scannáin, úsáid fuaime, aisteoireachta, cineamatagrafaíochta, srl
  • Sármhaitheas in ealaín na scéalaíochta
  • Sármhaitheas in úsáid teicnící speisialta, e.g., beochan nó éifeachtaí speisialta
  • Sármhaitheas i léirmhíniú amhairc ar scéal nó coincheap

Ní mór do scoileanna ar an ngearrliosta a bheith ar fáil chun freastal ar Shearmanas Gradaim Scannán FÍS, a bheidh ar siúl in Amharclann Helix, DCU Baile Átha Cliath.  Is imeacht náisiúnta ar mhórscála é le níos mó ná 900 duine i láthair, arna scannánú agus arna chraoladh ag mic léinn agus baill foirne ón Scoil Náisiúnta Scannáin ag an Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta (IADT).  Déantar an searmanas bronnta a shruthú beo trína shuíomh gréasáin. Ní mór do scoileanna ar an ngearrliosta a bheith ar fáil chun freastal ar an searmanas.

Tá sonraí iomlána na Rialacha & na dTreoirlínte agus na gCritéar Breithnithe ar fáil ag https://fisfilmproject.ie/competition/rules/  agus https://fisfilmproject.ie/competition/judging_criteria/

Is féidir leat d'iontráil a chur isteach trí https://fisfilmproject.ie/competition

Foilsithe

25/5/2023

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre