ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Cuid 3: Buaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas á bhFógairt


Creidiúint Íomhá: Buaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon, 2023, Up, Up, Up, Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh. Íomhá le caoinchead ó Edel Doherty.

Tá áthas ar Fhoireann na Tairsí a fhógairt go bhfuilimid ag déanamh taifid ar an tríú tionscadal mar chuid de Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí: 'Up, Up, Up'. Bronnadh an gradam seo ar dtús in 2020 do thionscadal do na luathbhlianta i Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, Cluain Tarbh. Tá an-áthas orainn a bheith ag obair le gach faighteoir sna míonna atá le teacht chun cuntas a choinneáil ar a dtionscadail. Taispeánfar na tionscadail seo ar an tairseach de réir mar a rachaidh an cuntas ar aghaidh.

Teideal an Tionscadail: Up, Up, Up

Is eispéireas tumthach é ‘Up, Up, Up’ do leanaí na luathbhlianta a bhfuil míchumas fisiceach agus riachtanais chasta orthu agus faigheann sé tacaíocht ón Dámhachtain Taiscéalta & Smaointeoireachta, tionscnamh ó na ceithre Údarás Áitiúil i mBaile Átha Cliath agus Comhairle Ealaíon na hÉireann. Is é sprioc an tionscadail an deis a chur ar fáil do leanaí atá ag maireachtáil ar luaineacht theoranta agus le riachtanais bhreise greim a fháil ar, searradh agus breith ar an gcrúsca brioscaí a bhfuil cosc air! Is iad sroicheadh, gluaiseacht, fuaimeanna a chruthú, diabhlaíocht agus marcanna a dhéanamh na huirlisí a mbainimid úsáid astu le chéile agus muid ag fiosrú deaslámhacht an choirp agus an tsamhlaíocht chruthaitheach le linn dúinn inniúlacht fhisiciúil an linbh a leathnú. 

Bíonn rud éigin le rá ag gach leanbh agus a bhealach féin aige chun é a rá.  Déantar cumarsáid trí luail, marc-chruthú, giniúint fuaime, cur i bhfocail agus guthaíocht, cuireann na leanaí tús leis agus le chéile cuirimid lenár bhfiosracht.  Roghnaíonn siad a gcuid foghlama, ar a luas féin.  Roghnaímid, mar fhoireann, meas a bheith againn ar a rogha agus é a phreabadh anonn agus anall leo.  Bíonn ár n-idirghníomhaíochtaí cúramach agus cothrom. Is gá go mbeadh ár dtionscadal ilchéadfach, chun gach riachtanas leanaí sa rang a mhealladh. Tháinig forbairt ar an tionscadal mar gheall gur theastaigh uainn go mbeadh baint níos gníomhaí ag na leanaí ina bhfoghlaim.  Theastaigh uainn am a ghlacadh chun ligean dóibh an rannpháirtíocht comhchruinnithe seo tarlú, ag cur lena spéiseanna reatha agus saoirse a thabhairt dóibh ligean leo.

Le roinnt seachtainí anuas, cruthóidh an t-ealaíontóir Helen Barry agus an tOideoir Luathbhlianta Audrey Fagan mar aon leis an bhfoireann ag Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh taithí idirghníomhach forbartha do na leanaí luathbhlianta seo le dul i ngleic leis le chéile lena gcairde. Beidh an t-urlár mar chanbhás, beidh sé mar thaca dúinn, le luí air, le suí air, le rolláil air nó brú ina aghaidh. Ceapfar gach gné chun tacú le agus chun rannpháirtíocht níos cothroime a chumasú.

Ealaíontóir: Helen Barry
Is amharc-ealaíontóir, aireagóir agus damhsóir a fuair oiliúint chlasaiceach í Helen Barry . Tá níos mó ná 35 bliain de taithí aici ag obair go cruthaitheach agus go spraíúil le daoine idir an-óg agus an-aosta. Is é an próiseas comhoibríoch seo a spreagann a cuid oibre, ón gcoincheap tosaigh tríd go dtí an ceapadh, ag déanamh agus ag roinnt a hionchur cruthaitheach lena comhchruthaitheoirí agus lena lucht féachana nua. Ó 2010 rinne Helen speisialtóireacht i gcomhchruthú leis na luathbhlianta agus le leanaí a bhfuil riachtanais éadroma, mheánacha, thromchúiseacha agus néara-éagsúla orthu. Cuireann an sineirge a chruthaítear trí chur chuige ildisciplíneach pailéad céadfach ar fáil óna dtarraingíonn Helen spreagadh. Maireann gach rud ar bhun na spéire; pailéad amhairc shíoraí agus cluaise de mhothúcháin, de mhinicíochtaí agus de luaile lena léirmhínímid an domhan mórthimpeall orainn. Tá sé mar chuspóir ag Helen taithí ealaíona a dhearadh a ligeann dúinn ár ngabhdóirí coirp a fhiosrú a spreagann fás, folláine agus cumas díriú agus bheith faoi bhláth. Bronnadh roinnt sparánachtaí ar Helen agus coimisiún as a cuid oibre le leanaí luathbhlianta. Leanann an Ceoláras Náisiúnta le tacaíocht a thabhairt di lena ruathar i gceol agus i ndealbhóireacht.

Is féidir sampla de shaothar Helen ‘Sculptunes’ a fháil anseo: https://vimeo.com/368841151/4f10695b16

Oideoir Luathbhlianta: Audrey Fagan
Is múinteoir bunscoile í Audrey Fagan atá ag obair in oideachas speisialta le 25 bliain anuas. Oibríonn Audrey i Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, Cluain Tarbh, scoil do leanaí a bhfuil míchumais fisiceacha agus riachtanais chasta bhreise orthu. Ceithre bliana déag ó shin, bhog Audrey isteach i Naíonra Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, chun cúrsa dhá bhliana de luathoideachas a sheachadadh a ghlacann le creat Aistear, agus a chuimsíonn gnéithe de chuir chuige Froebel, Reggio Emilia agus Te Wháriki. Tá curaclam cailéideascóip i bhfeidhm chun freagairt do riachtanais agus spéiseanna éagsúla na leanaí. Creideann Audrey i dtimpeallacht foghlama a chruthú a ligeann do leanaí páirt a ghlacadh agus a bheith san áireamh - ag fiosrú, ag aimsiú agus ag baint taithí ar a leibhéal cumais go hiomlánaíoch. Chuir Audrey taighde gníomhaíochta féinstaidéar M. Ed i gcrích ó Ollscoil Mhaigh Nuad in 2021 a d’fhiosraigh oideolaíocht sa naíonra. Mar chuid dá ról mar Leas-Phríomhoide, tá sí freagrach anois as an bhforbairt ar thaithí ilchéadfacha agus beartas folláine sa Scoil CRC. Agus í ag obair in oideachas speisialta, d’éirigh le Audrey caidrimh chomhoibríocha thábhachtacha a bhunú agus a fhorbairt le teiripeoirí, tuismitheoirí agus ealaíontóirí ó go leor disciplíní - ceol, ealaín agus drámaíocht chun a grá do na healaíona a dhaingniú agus a chur in iúl agus an fhoghlaim seo a thabhairt do na leanaí sa naíonra.

Foilsithe

31/5/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath