ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Táthar ag glacadh le hiarratais don Chúrsa Ealaíne agus Folláine do Mhúinteoirí ag OTM


Creidiúint Íomhá: OTM Co. Chorcaí

Coláiste Ealaíne is Deartha Crawford OTM

Spriocdháta le hAghaidh Iarratas: 30 Meitheamh 2023

Buntreoir in eochairchoincheapa mhúnlaí na Folláine le béim leagtha ar na healaíona atá i gceist leis an Teastas sna hEalaíona agus Folláine (Leibhéal 9, 20 creidiúint). Tugann an cúrsa deis do rannpháirtithe gníomhaíochtaí ealaíne agus folláine a fhiosrú ó ghné phearsanta agus mar ghrúpa de, le tacaíocht ó phróiseas machnamhach.

Rachaidh an cúrsa seo chun tairbhe na múinteoirí nó na n-ealaíontóirí ar mhaith leo a gcleachtas a fhorbairt. Tá sé mar sprioc ag an gcúrsa seo na rannpháirtithe a ullmhú le cuir chuige phraiticiúla i leith na nEalaíon agus na Folláine, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i réimse comhthéacsanna.

Trí shraith ceardlann eispéireasach, tabharfar deis do na rannpháirtithe bealaí praiticiúla a fhiosrú chun cláir Folláine bunaithe ar na hEalaíona a fhorbairt. Trí shraith léachtaí agus aoichainteoirí, rachaidh na rannpháirtithe i ngleic go criticiúil le réimse coincheap agus teoiricí a bhaineann leis na hEalaíona ó thaobh na Sláinte agus Folláine de.

Is cúrsa páirtaimseartha thar bhliain acadúil amháin é, lá amháin faoi dhó in aghaidh na míosa ar an láthair agus tráthnóna amháin ar líne gach dara seachtain. €1700 is ea táille an chúrsa.

Is féidir aon fhiosruithe a sheoladh chuig: Avril O’Brien, an Rannóg Ealaíon sa tSláinte agus san Oideachas. Ríomhphost: avril.obrien@mtu.ie

Déan iarratas anseo: https://www.mtu.ie/courses/craarwe9/



Foilsithe

8/6/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Corcaigh