ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Uillinn: Brightlines - Taispeántas shaothar na bpáistí


Pictiúr de SN an Droma Mhóir a ghlac Kate McElroy le linn cuairt ar sheomra ranga

Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí

Dáta: 3 Meitheamh - 1 Iúil 2023

Tháinig ceithre bhunscoil ó gach cearn d’Iarthar Chorcaí le chéile chun páirt a ghlacadh in Bright Lines - Clár oideachais earraigh Uillinn do bhunscoileanna. Spreag Bright Lines na scoláirí an dearcadh agus an léamh atá acu ar an saol thart timpeall orthu a leathnú amach agus scéalta nua a fhí le chéile.

Turas agus ceardlann a bhí i gceist sa chlár in Uillinn le hEalaíontóir Rannpháirtíochta Poiblí Kate McElroy ag breathnú ar shaothair de chuid Sérgio Leitao 'The Fallout’ agus ina dhiaidh sin tugadh cuairt ar sheomraí ranga na ndaltaí chun a gcuid colláisí comhoibríocha féin a fhorbairt a fhiosraíonn an chruthaitheacht agus an scéalaíocht. Spreag Bright Lines na daltaí a bheith cruthaitheach ina gcuid freagraí, ag meascadh earraí ón saol laethúil leis an tsamhlaíocht. 

Ar an iomlán d’oibrigh 100 dalta ó rang 1 - 6 ar Bright Lines. Tá a gcuid saothar ar taispeáint go dtí an 1 Iúil 2023.

Ba mhaith le hUillinn buíochas a ghabháil le daltaí ó SN an Droma Mhóir, SN Scoil Mhuire, an Scoil, Scoil na mBuachaillí, Cloich na Coillte agus Gaelscoil Dr. Uí Shúilleabháin, an Sciobairín as a gcuid saothair cruthaithigh iontaigh agus leis na múinteoirí as páirt a ghlacadh sa chlár.

Dé Sathairn, 10 Meitheamh idir 10 RN - 1 IN, fáilteofar roimh pháistí agus daoine óga páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ealaíne buail isteach ag an lárionad, áit a mbeidh deis acu cur le hábhair ealaíne Bright Lines. Tá an ghníomhaíocht ealaíne líníochta comhoibríche seo mar chuid de cheiliúradh Chruinniú na nÓg - Lá cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: https://www.westcorkartscentre.com/schools-archive



Foilsithe

8/6/2023

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Corcaigh

Tags

na healaíona san oideachas, children's arts