ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Roinneann Baboró an Chéad Spléachadh ar a 27ú Clár Féile Bliantúla


Creidiúint Íomhá: Féile Ealaíon Bhaboró

Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró

Dáta: Dé hAoine an 13 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 22 Deireadh Fómhair 2023

An Spriocdháta do na Scoileanna chun Iarratas a dhéanamh: Dé hAoine an 8 Meán Fómhair 

Roinneann Baboró an chéad spléachadh ar na buaicphointí dá 27ú féile bhliantúil atá le teacht.

Gheobhaidh tú seó nua draíochtúil ó na gnólachtaí Éireannacha a bhfuil an-tóir orthu darb ainm Fidget Feet agus Ceol Connected i dteannta le hamharclannaíocht den chéad scoth do pháistí níos sine, amharclannaíocht de chuid gnólacht Astrálach mór le rá darb ainm Slingsby. Beidh taispeántas amharc-ealaíne Astrálach spreagúil ann freisin a thabharfaidh an deis do theaghlaigh na Gaillimhe chun a bportráidí fótagrafacha féin a chruthú agus na portráidí céanna a fheiceáil in Ionad Ealaíon na Gaillimhe.

“Le linn dúinn na pleananna le haghaidh Bhaboró 2023 a chur i gcrích, tá mé thar a bheith sásta na trí bhuaicphointe iontacha féile a léiriú ina bhfuil damhsa aerga, amharclannaíocht, ceol beo agus grianghrafadóireacht phortráide - agus tháinig péire acu anseo ó áiteanna chomh fada uainn leis an Astráil! Nochtfar an clár saothar iomlán ón mBeilg, ó Shasana, ón Spáinn, ón Ísiltír, ón Astráil agus ó Éirinn faoi cheann cúpla seachtain,” dar le hAislinn Ó hEocha, Stiúrthóir Ealaíne Feidhmeannach.

Cuimseofar leis an gclár iomlán, ceardlanna na n-amharc-ealaíon, ceoil, damhsa, amharclannaíochta, litríochta, cruthaitheacha mar aon le himeachtaí do dhaoine fásta, chomh maith le go leor léiriúcháin eile do gach aoisghrúpa. Fógrófar an clár seo Dé Máirt an 5 Meán Fómhair.

Scoileanna

Caithfidh na scoileanna agus na grúpaí áit a chur in áirithe tríd an bhfoirm Iarratais ar Áirithintí ar Líne, tá an fhoirm ar fáil thíos ón Luan, an 21 Lúnasa. https://www.baboro.ie/schools/schools

Déan teagmháil leis an Oifig Ticéad do Scoileanna ar schools@baboro.ie nó cuir glaoch ar: 091 532 985.

Tá tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil anseo : https://www.baboro.ie/news-events/2023-sneak-peek



Foilsithe

17/8/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Gaillimh