Gairm ar Pháipéir, Láithreoireachtaí agus Ceardlanna! Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023
Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Spriocdháta: Dé hAoine 7 Meán Fómhair 2023
A Ealaíontóirí, a mhúinteoirí, a acadóirí agus a ghairmithe ealaíon san oideachas... Ar mhaith libh a bheith páirteach san ochtú hócáid bhliantúil de Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas?
Beidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas ar siúl i gC oláiste Mhuire gan Smál ar an Satharn, an11 Samhain 202 3 i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais Ealaíon agus Corpoideachais. Tá sé mar aidhm ag an ócáid baill de phobal na n-ealaíon san oideachas agus sa chleachtas cruthaitheach ó gach cearn d'Éirinn a thabhairt le bheith ag roinnt, ag foghlaim, ag labhairt, ag líonrú, ag fáil inspioráide, agus ag leanúint ag fiosrú dea-chleachtais sa réimse.
Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí nó ó dhaoine aonair ar mian leo láithreoireachtaí nó ceardlanna dinimiciúla agus spreagtha a thabhairt agus beidh deis ann scileanna a roinnt le chéile, mar aon le cineálacha cur chuige praiticiúla, léargais nua agus smaointeoireacht chriticiúil thar an réimse ar fad, ó raon peirspictíochtaí.
I mbliana, leanfar leis an mbéim speisialta ag Lá na Tairsí ar ‘Glóir nach gCloistear go Minic’. Is mian leis an gCoiste tograí a phróifíliú i mbliana a léiríonn éagsúlacht agus ionchuimsiú ar fud pobail scoile go háirithe agus a dhéanann ionadaíocht ar gach leanbh.
An bhfuil ceardlann nó cur i láthair agat ba mhaith leat a chur san áireamh i gclár an lae? Má tá, seol do thogra chugainn.
Is é an spriocdháta chun tograí a chur isteach ná 5i.n. ar an Aoine 15 Meán Fómhair 2023.
Ba cheart tograí a chur isteach trí Google Forms, cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an bhfoirm.