ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gairm ar Pháipéir, Láithreoireachtaí agus Ceardlanna! Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023. Creidiúint na híomhá: Cian Flynn

Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Spriocdháta: Dé hAoine 7 Meán Fómhair 2023

A Ealaíontóirí, a mhúinteoirí, a acadóirí agus a ghairmithe ealaíon san oideachas... Ar mhaith libh a bheith páirteach san ochtú hócáid  bhliantúil de Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas?

Beidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas ar siúl i  gC oláiste Mhuire gan Smál ar an Satharn, an11 Samhain 202 3 i gcomhpháirtíocht leis an  Roinn  Oideachais Ealaíon agus Corpoideachais. Tá sé mar aidhm ag an ócáid baill de phobal na n-ealaíon san oideachas agus sa chleachtas cruthaitheach ó gach ​cearn d'Éirinn a thabhairt le bheith ag roinnt, ag foghlaim, ag labhairt, ag líonrú, ag fáil inspioráide, agus ag leanúint ag fiosrú dea-chleachtais sa réimse.​​

Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí nó ó dhaoine aonair ar mian leo láithreoireachtaí nó ceardlanna dinimiciúla agus spreagtha a thabhairt agus beidh deis ann scileanna a roinnt le chéile, mar aon le cineálacha cur chuige praiticiúla, léargais nua agus smaointeoireacht chriticiúil thar an réimse ar fad, ó raon peirspictíochtaí.

I mbliana, leanfar leis an mbéim speisialta ag Lá na Tairsí ar ‘Glóir nach gCloistear go Minic’. Is mian leis an gCoiste tograí a phróifíliú i mbliana a léiríonn éagsúlacht agus ionchuimsiú ar fud pobail scoile go háirithe agus a dhéanann ionadaíocht ar gach leanbh.

An bhfuil ceardlann nó cur i láthair agat ba mhaith leat a chur san áireamh i gclár an lae? Má tá, seol do thogra chugainn.

​Is é an spriocdháta chun tograí a chur isteach ná 5i.n. ar an Aoine  15 Meán Fómhair 2023.​

Ba cheart tograí a chur isteach trí Google Forms, cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an bhfoirm.



Foilsithe

21/8/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

na healaíona san oideachas, portal day