ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha ar Múinteoirí iad: Scoileanna Ildánacha


Cruinniú do na Comhlaigh Chruthaitheacha i nDún Richmond, Baile Átha Cliath

Scoileanna Ildánacha

Spriocdháta: An 31 Lúnasa 2023

Tá gairm seolta ag Scoileanna Ildánacha ar Chomhlaigh Chruthaitheacha ar Múinteoirí iad.  Is tionscnamh suaitheanta é Scoileanna Ildánacha den Chlár Éire Ildánach ionas go mbeidh gach páiste in ann a phoitéinseal cruthaitheach a bhaint amach. Is í an Chomhairle Ealaíon a stiúrann Scoileanna Ildánacha i gcomhar leis an Roinn Oideachais.

Bheifí ag súil go n-oibreodh an Comhlach Cruthaitheach i gcomhar le scoil amháin ar a mhéad chun saineolas agus cur chuige a fhorbairt, a fhorbróidh agus a chothóidh na healaíona agus na cleachtais chruthaitheacha ina scoileanna.  Bainfidh na Comhlaigh Chruthaitheacha leas as réimse deiseanna laistigh den scoil agus den phobal níos leithne chun tacú leis na cleachtais chruthaitheacha agus chun iad a spreagadh mar chuid de phlean na scoile.

Is é is Comhlaigh Chruthaitheacha ann ná oideoirí a bhfuil a gcleachtas ealaíne féin acu agus a bhfuil tuiscint dhomhain acu ar an gcruthaitheacht agus a hacmhainn chun saol páistí agus daoine óga a athrú ó bhonn. Is gníomhairí dinimiciúla iad le haghaidh athraithe a bhfuil poist ar leith acu chun comhpháirtíochtaí inbhuanaithe a chruthú idir múinteoirí, foireann na scoile, foghlaimeoirí agus páirtithe eile.

Is smaointeoirí úrnua iad a fhreastalóidh ar riachtanais na scoileanna chun deiseanna a chruthú ina gceantar. Tá siad in ann réimsí féideartha atá le feabhsú a shainaithint agus spreagfaidh siad, agus cuirfidh siad borradh faoi scoileanna chomh maith le fuinnimh a chur iontu chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí seo. Is tríd an tionscnamh ceannródaíoch seo, a bheidh an deis ag na Comhlaigh Chruthaitheacha chun áit na n-ealaíon agus na cruthaitheachta a mhúnlú i scoileanna Éireannacha.

Táthar ag súil go mbeidh suas le 10 go 15 Chomhlach Chruthaitheacha rannpháirteach chun seirbhísí a chur ar fáil. Cuirfear gach comhlach i gcomhpháirtíocht le scoil amháin laistigh de cheann amháin de na ceantair seo:

  • An Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán, Sligeach
  • Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh
  • Laois, Longfort, Uíbh Fhailí, an Iarmhí
  • Cill Dara, Lú, an Mhí, Cill Mhantáin
  • Baile Átha Cliath
  • Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge
  • Corcaigh, Ciarraí,
  • An Clár, Tiobraid Árann, Luimneach

Lean an nasc chun iarratas a dhéanamh: https://form.jotform.com/232194890105354

Tabhair cuairt ar an nasc a leanas chun tuilleadh eolais a fháil: https://www.artscouncil.ie/creative-associate-opportunities/



Foilsithe

21/8/2023

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

na healaíona san oideachas