ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Tá an Dochtúir Jill Goodwin fógartha mar Phríomhchainteoir do Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023


An Dochtúir Jill Goodwin. Creidiúint: An Dochtúir Jill Goodwin

I mbliana beidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023 ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál, i Luimneach Dé Sathairn, an 11 Samhain 2023 i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais Ealaíon & Corpoideachais.

Tá lúcháir ar Fhoireann na Tairsí fáilte a chur roimh an aoichainteoir, Dr. Jill Goodwin ealaíontóir/taighdeoir a bhfuil ardmheas uirthi as a cleachtas ag obair le páistí a bhfuil ‘il-mhíchumas foghlama trom orthu’, a thabharfaidh an spreagaitheasc comhdhála.

An Dochtúir Jill Goodwin

Is ealaíontóir/taighdeoir í an Dochtúir Jill Goodwin atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe agus a bhfuil cúlra aici san oideachas. Mar gheall ar a taithí ag obair le leanaí lipéadaithe mar leanaí le 'míchumais foghlama dhomhain agus iomadúla' orthu, tugadh uirthi a bheith ag lorg agus ag fiosrú bealaí chun brí a roinnt gan fhocail, agus measann sí go bhfuil na healaíona ríthábhachtach don phróiseas seo. D'oibrigh Jill mar chomhairleoir, meantóir agus traenálaí le heagraíochtaí ealaíon agus oideachais le déanaí, chomh maith le healaíontóirí aonair. Bhí sí ina Comhalta Taighde Cuairte leis an 'Centre for Research in Inclusion' in Ollscoil Southampton ó 2020 - 2023, agus ina Taighdeoir Cónaithe le Oily Cart, comhlacht amharclannaíochta céadfaí atá lonnaithe i Londain, ó 2020 - 2022. Tugann saothar ealaíne Jill féin fabhar don chéadfa thar an intleachtúil, rud a fhágann go bhfuil sé ionchuimsitheach go smior.

Fógrófar sceideal iomlán an lae náisiúnta go luath tráth a osclófar na háirithintí ticéad ar líne. Beidh fócas speisialta in imeacht na bliana seo ar ‘Guthanna is annamh a Chluintear’ arís eile agus feicfear an gnáthmheascán de chuir i láthair, cuir i láthair níos lú a bheidh bunaithe ar phlé agus ceardlanna cruthaitheacha lena rachfar i ngleic leis an téama seo.

Cruinneofar baill de phobal na n-ealaíon san oideachas as gach cearn d’Éirinn le chéile sna himeachtaí seo, le bheith ag roinnt, ag foghlaim, ag labhairt, ag líonrú, ag fáil inspioráide, agus ag leanúint ag fiosrú dea-chleachtais sa réimse.

Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le events@artsineducation.ie.