ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Náisiúnta Thairseach 2023 - Clár Fógartha


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022. Creidiúint Íomhá: Cian Flynn

Ag seoladh an Chláir le haghaidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023.

 

Is Féidir Ticéid a Chur in Áirithe Anois!

Is mór againn a bheith ar ais lenár gcomhdháil 2023 a bheidh ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál Dé Sathairn, an 11 Samhain 2023 i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais Ealaíon agus Corpoideachais. Tá sé mar aidhm ag an ócáid baill de phobal na n-ealaíon san oideachas agus sa chleachtas cruthaitheach ó gach ​cearn d'Éirinn a thabhairt le bheith ag roinnt, ag foghlaim, ag labhairt, ag líonrú, ag fáil inspioráide, agus ag leanúint ag fiosrú dea-chleachtais sa réimse.​​

Sa Chlár beidh meascán de chur i láthair, de sheisiúin phlé-bhunaithe atá níos lú agus ceardlanna cruthaitheacha a thabharfaidh aghaidh ar fhócas speisialta ‘Glórtha nach gCloistear go Minic’ a léiríonn éagsúlacht agus ionchuimsiú ar fud pobail scoile.

Mar a fógraíodh roimhe seo tá lúcháir ar Fhoireann na Tairsí fáilte a chur roimh an aoichainteoir, Dr. Jill Goodwin ealaíontóir/taighdeoir a bhfuil ardmheas uirthi as a cleachtas ag obair le páistí a bhfuil ‘il-mhíchumas foghlama trom acu’, a thabharfaidh an spreagaitheasc comhdhála.

Féach ar Chlár 2023

 

Conas Ticéid a chur in Áirithe

Tá na ticéid le haghaidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2023 saor in aisce ach tá sé riachtanach áit a chur in áirithe mar go bhfuil teorainn ar spás do dhaoine. 

Má tá aon cheist, déan teagmháil le events@artsineducation.ie.

Cuir Ticéid in Áirithe Anois