ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Scoileanna: Scannánóir Óg na Bliana 2024 - gairm ar iarratais


Four young people are shot in silhouette under a veranda on a pier. Each person is holding a piece of filming equipment in an active pose from left to right: camera, clapperboard, tripod, and boom microphone.

Fresh International Film Festival

Síneadh leis an spriocdháta: Dé hAoine, an 1 Feabhra 2024

Fresh International Film Festival ag glacadh le hiontrálacha do Scannánóir Óg na Bliana 2024 de chuid na hÉireann. Oscailte do gach déantóir óg scannán ag teacht i gcrann agus grúpaí scoile, idir 7 - 18 mbliana d'aois, ag spreagadh daoine óga as Éirinn agus thar lear chun scannáin a chruthú, a thaispeáint agus a roinnt. Tá fáilte roimh aighneachtaí ó na seánraí a leanas; greann, uafás, drámaíocht, clár faisnéise, turgnamhach, físeán ceoil, beochan.

Beidh an 28ú Fresh International Film Festival bliantúil ar siúl i mí Aibreáin, ag taispeáint na céadta gearrscannán ó thallann scáileáin na hÉireann amach anseo. Buaicphointe na féile is ea Scannánóir Óg na Bliana de chuid na hÉireann, clár gradam a aithníonn agus a cheiliúrann na caighdeáin is airde de scannánóireacht daoine óga thar thrí chatagóir: Sóisearach (7-12 bhliain), Sinsearach (13-18 mbliana) agus Idirnáisiúnta (7-18 mbliana). I measc na ngradam tá duaischiste, trealamh scannánóireachta, seisiúin mheantóireachta le gairmithe cruthaitheacha, agus an deis do dhaoine óga a gcuid saothair a thaispeáint sa phictiúrlann.

Ainmníodh scoláire ó Bhaile Átha Cliath, Max Hendrickson (17) mar Scannánóir Óg na Bliana 2023 de chuid na hÉireann ag Fresh International Film Festival. Is athinsint é a ghearrscannán beochana, The Tell-Tale Heart ar ghearrscéal cáiliúil Edgar Allan Poe agus d’éirigh leis an phríomhdhuais a bhuachan don Stiúrthóir óg iontach.

“Tá mé ag cur isteach ar an Fresh International Film Festival ó bhí mé 12 bhliain d'aois, agus tá sé tar éis an inspioráid agus an spreagadh a thabhairt dom go seasta leanúint orm ag déanamh scannáin. Bhí sé thar a bheith iontach a bheith i láthair gach bliain agus bualadh le scannánóirí óga eile, agus impím ar gach scannánóir éirimiúil a saothar a chur faoi bhráid Fresh”. - Max Hendrickson, Baile Átha Cliath; Scannánóir Óg na Bliana 2023 de chuid na hÉireann.

An grúpa scoile sibh a chuir bunsaothar scannáin le chéile ó Eanáir 2023? Is é an dáta deiridh d'iontrálacha ná Dé hAoine, an 1 Feabhra 2024 agus cuirtear fáilte rompu i mBéarla (nó le fotheidil Bhéarla) agus i nGaeilge.

Tá sraith iomlán critéar agus foirmeacha aighneachta ar fáil ag https://freshfilm.ie/fresh-international-film-festival-submissions/.

Cuireadh an t-alt seo in eagar chun an spriocdháta a síneadh ón 19 Eanáir a leasú

Foilsithe

15/1/2024

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre