Meastóireacht ar Scoileanna Ildánacha - tuarascáil iomlán
Comhairle Ealaíon na hÉireann
Tá fáilte chroíúil curtha ag an gComhairle Ealaíon roimh thuarascáil chinniúnach a bheith foilsithe a chuireann éifeacht, freastal agus tionchar an Chláir Scoileanna Ildánacha in iúl. Is í an Chomhairle Ealaíon a stiúrann Scoileanna Ildánacha i gcomhar leis an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Éire Ildánach.
Cuireann an tuarascáil leis an Dr Regina Murphy agus Dr Eemer Eivers (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) meastóireacht ar fáil ar an gcéad cheithre bliana (2018-2022) den tionscnamh agus tugtar eolas ann ar thaithí leanaí agus daoine óga, múinteoirí, oideachasóirí, cleachtóirí ealaíon agus ealaíontóirí. Go dtí seo ghlac 971 scoil, beagnach an ceathrú cuid de gach scoil sa tír [~24%], páirt sa chlár.
Bhí rannpháirtithe i scoileanna agus in ionaid, lena n-áirítear leanaí, scoláirí, múinteoirí, príomhoidí, Comhordaitheoirí Scoileanna Ildánacha agus a gcuid Comhlaigh Chruthaitheacha tacaíochta thar a bheith dearfach ina ndearcadh foriomlán i leith an chláir agus ina dtuairiscí ar thaithí. Dúirt 99% de na scoileanna rannpháirteacha go molfaidís an clár do scoileanna eile.
Ghlac scoileanna ó gach contae in Éirinn páirt sa chlár agus rinneadh ionadaíocht mhaith ar gach cineál scoile, lena n-áirítear 27 Ionad Ógtheagmhála. D'éirigh le clár na Scoileanna Ildánacha tús áite a thabhairt do rannpháirteachas na Scoileanna DEIS, na scoileanna beaga tuaithe, na Scoileanna Speisialta, Gaelscoileanna agus rannpháirteachas na n-ionad Ógtheagmhála mar fhreagairt ar thorthaí eatramhacha ón tuarascáil seo.
I go leor cásanna, is féidir athruithe ar an gcaoi a mbraitheann scoláirí a n-áit sa scoil chomh maith le feabhsuithe ar aghaidh fhisiciúil na scoile (e.g. suiteáil ealaíne nó gairdín comhdheartha ag scoláirí), a chur i leith an chláir go díreach. Sonraítear sa tuarascáil freisin gur éirigh le tionscnamh na Scoileanna Ildánacha an chruthaitheacht a chur chun cinn agus a spreagadh i scoileanna agus aird a tharraingt ar thábhacht mhéadaitheach na cruthaitheachta san oideachas.
D'oscail Scoileanna Ildánacha réimse an-leathan eispéireas do scoláirí agus do dhaltaí agus bhí turas uathúil ag gach scoil rannpháirteach. Áiríodh an méid seo a leanas i réimse leathan gníomhaíochtaí a rinne scoileanna i rith dóibh a bheith rannpháirteach i Scoileanna Ildánacha: sorcas, ailtireacht, oidhreacht, ceol, greann, litríocht, códú, na healaíona traidisiúnta, eolaíocht, gairneoireacht, scannánaíocht, dearadh, ceardaíocht, drámaíocht, na hamharcealaíona agus rince.
Déanann na taighdeoirí, an Dochtúir Murphy agus an Dochtúir Eivers, an méid seo amach ar deireadh:
“Chlaochlaigh tionscnamh foriomlán na Scoileanna Ildánacha réimse an-leathan scoileanna Éireannacha i dtírdhreach oideachais na hÉireann níos mó ná aon tionscnamh eile go dtí seo maidir le foghlaimeoirí i ngach contae a chur i gcroílár an phróisis, luach a thabhairt ar ndearcthaí agus a dtaithí a agus iad a bhailíochtú, ag comhoibriú go fiúntach leo agus ag an am céanna ag aistriú fhócas an oideachais ealaíon go háirithe ó chleachtas rannpháirtíochta páisteláraithe go dtí an cleachtas rannpháirtíochta faoi stiúir an linbh.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon faoin tuarascáil:
“...Trí dhaoine óga a chur i gcroílár na cinnteoireachta, bhíomar in ann tacú le scoileanna glacadh go hiomlán leis na féidearthachtaí cruthaitheacha laistigh dá bpobal agus dá gceantar...”
Dúirt Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
“Tá Scoileanna Ildánacha, príomhchlár faoin bPlean Óige Ildánach, imithe ó neart go neart ó 2018, go háirithe ina rochtain ar scoileanna agus orthu siúd faoin gclár DEIS, i suíomhanna malartacha agus i scoileanna speisialta. Leagann an tuarascáil seo béim ar thionchair dhearfacha a bhí ag Scoileanna Ildánacha ar scoláirí agus ar a bpobail scoile...”
Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:
"Cuirim fáilte roimh thuarascáil Scoileanna Ildánacha DCU a leagann béim ar an rath a bhí ar an gclár maidir leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár an oideachais. Thug sé deis do scoláirí tionscadail chruthaitheacha a fhorbairt ar a dtailte scoile féin, páirt a ghlacadh i gceardlanna agus léirithe agus cuairt a thabhairt ar ghailearaithe, amharclanna, láithreáin oidhreachta, pictiúrlanna, músaeim, leabharlanna agus ionaid ealaíon áitiúla...”
Thug beirt scoláirí ón Séú Bliain ó Choláiste Pobail Mhungairit, Luimneach a ghlac páirt sa chlár Scoileanna Ildánacha a dtuairimí faoin taithí a bhí acu chomh maith.
Aaroh Jain: "Sílim go raibh tionchar as cuimse ag Scoileanna Ildánacha orm, toisc gur seans a bhí ann féinriail a fheidhmiú inár scoil, ardán le féachaint an bhféadfaimis beocht a chur inár smaointe féin."
Eve Adedirann: "Is bealach iontach é Scoileanna Ildánacha chun iniúchadh a dhéanamh ar spéiseanna a shílfeá nach mbeadh agat riamh.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil le léamh ar líne ó shuíomh gréasáin DCU, DORAS: https://doras.dcu.ie/29450/
Foilsithe
18/1/2024