ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ard-Mhúsaem na hÉireann: Cláir Scoile Nua


A group of school children in red polo shirts viewing a Viking artefact through the glass of a vetrine. An adult is pointing at the artefact.

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Dátaí: dátaí éagsúla

Tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann an clár is déanaí de thurais threoraithe, de cheardlanna agus d’acmhainní do bhunscoileanna do théarma an earraigh a sheoladh. Ar fáil ó Eanáir 2024, cuirtear na gníomhaíochtaí go léir ar fáil saor in aisce agus cuimsíonn siad na ceithre shuíomh Músaeim i mBaile Átha Cliath agus i gCo. Mhaigh Eo.

Díríonn gach suíomh ar chuid éagsúil de na Bailiúcháin Náisiúnta le clár scoile chun an bailiúchán atá ar taispeáint ag gach suíomh a léiriú ag tairiscint réimse éagsúil gníomhaíochtaí chun cur leis an gcuraclam bunscoile.

Buaicphointí ó gach suíomh:

TURAS TREORAITHE: Blaiseadh den am atá thart - Stair an Bhia agus na Dí - Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7 – Rang 3-6

Tabharfaidh an turas idirghníomhach seo blaiseadh do scoláirí den saibhreas déantán atá ar taispeáint sa Mhúsaem. Léiríonn siad an leanúnachas agus an t-athrú a tháinig ar ullmhúchán bia le himeacht ama.

TURAS TREORAITHE: Na Lochlannaigh in Éirinn – Sráid Chill Dara – Rang 3-6

Déanann an turas treoraithe, na Lochlannaigh in Éirinn iniúchadh ar thrí phríomhghníomhaíocht na Lochlannach - ruathar, trádáil agus lonnú- ag baint úsáid as bailiúchán uathúil déantán an Mhúsaeim.</ p

CEARDLANN: Seachtain na nInnealtoirí: Cruthaigh Baile - Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo – Rang 5 agus Rang 6

Sa seisiún fíorúil seo tóg foirgnimh, déan bóithre agus cosáin, gearr, dathaigh agus cruthaigh gach foirgneamh agus cuir isteach i leagan amach do bhaile iad! B'fhéidir gur mhaith le rannpháirtithe a ngluaisteáin bhídeacha nó deilbhíní a mhaisiú agus is féidir leo oibriú óna seomra ranga lena leathnú, le tuilleadh foirgneamh a dhéanamh agus b'fhéidir fiú cathair iomlán a chruthú le Makermeet!

TURAS TREORAITHE: Stuálaimis - Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 – Naíonáin Shóisearacha -Rang 2

Tá an seisiún seo nua agus deartha go sonrach do lucht féachana ón mbunscoil shóisearach. Cruthaigh roinnt cairde nua agus muid ag tabhairt cuairt ar na fianna chlúmhacha, na puifíní clúmhacha, agus na turtair ghainneacha ar thuras treoraithe faoi stiúir Oideoir Músaeim.

Breathnaigh ar chlár iomlán na scoileanna d'Ard-Mhúsaem na hÉireann ag:

Foilsithe

22/1/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath