ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Tionscnamh Scoileanna Ildánacha Nua: Fuadar Feabhra


a group of teenage school children surround a table with colourful craft making materials

Creidiúint na hÍomhá: An Chomhairle Ealaíon, pictiúr le Liam Kidney

Comhairle Ealaíon na hÉireann

Dátaí: 1-29 Feabhra

Tá an Chomhairle Ealaíon ag cur fáilte roimh gach scoil ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa chéad Fhuadar Feabhra riamh, atá ina ceiliúradh ar ealaín agus ar chruthaitheacht i scoileanna agus atá dírithe ar spraoi, scléip, samhlaíocht agus nuálaíocht. Beidh an togra seo á reáchtáil ón 1 go dtí an 29 Feabhra.

Aithneoidh agus dearbhóidh Fuadar Feabhra gur áiteanna fíor-chruthaitheacha iad ár scoileanna, lán le daoine an-chruthaitheacha. Ón mbunscoil go dtí an mheánscoil go suíomhanna mhalartacha, spreagfar gach leanbh agus duine óg chun CRUTHAIGH, BREATHNAIGH, DÉAN.

  • Cruthaigh aon stíl ealaíne a roghnaíonn tú – péinteáil, tarraingt, rince, cniotáil, dearadh, dealbhú, códú;
  • Breathnaigh ar ealaín – tabhair cuairt ar mhúsaem nó ar ghailearaí, freastal ar amharclann nó ar léirithe focal labhartha, seónna damhsa, gigeanna ceoil, nó féach ar an ailtireacht agus ealaín áitiúil i do bhaile nó i do chathair!
  • Déan tionscadal cruthaitheach – mar fhoireann, mar rang nó mar scoil.

Chun cabhrú le gach duine atá ag glacadh páirt a ghríosú, a threorú agus a spreagadh, reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon sraith ceardlann ar líne i gcomhar le hIonad Oideachais Mhuineacháin agus le hIonad Tacaíochta Oideachais Loch Garman Roinnfear na ceardlanna seo: beidh leath acu ag freastal ar fhoireann agus múinteoirí na scoile, agus an chuid eile dírithe ar scoláirí.

Is é an tEarrach an buntéama atá ag Fuadar Feabhra. Cruthú ó fhás nua, ó shíolta na hinspioráide, tá sé i gceist ag an téama seo scoláirí agus pobail scoile a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar an áit a dtosaíonn an chruthaitheacht inár saol, i ngach rang, i ngach scoil agus conas is féidir léi fás agus bláthú.

Beidh nuashonruithe leanúnacha agus sonraí maidir le seimineáir ghréasáin le feiceáil ar ardáin meán sóisialta na Comhairle Ealaíon agus ar shuíomh gréasáin Fhuadar Feabhra.

Á reáchtáil ag foireann Scoileanna Ildánacha laistigh den Chomhairle Ealaíon, tá Fuadar Feabhra oscailte do gach scoil sa tír, agus tugtar cuireadh croíúil do chách páirt a ghlacadh ann. Tá pacáiste fáilte, le póstaeir agus sonraí dáilte ar gach scoil ar fud na tíre.

Foilsithe

23/1/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre