Ceardlanna Cruthaitheacha Saor in Aisce ag Ionad Ealaíon Solstice
Ionad Ealaíon Solstice
Dátaí: dátaí éagsúla
Mar chuid de chlár Foghlama agus Rannpháirtíochta Ionad Ealaíon Solstice tá roinnt ceardlann ar fáil do bhunscoileanna a nascann lena dtaispeántais amharc-ealaíne reatha agus iad siúd atá le teacht. Tá na ceardlanna seo a leanas dírithe ar Naíonáin Shóisearacha go Rang a hAon agus tá siad saor in aisce, ach tá sé riachtanach iad a chur in áirithe.
Fold
Déardaoin 7 agus Dé hAoine 8 Márta 2024
9:30r.n. agus 11r.n. (60 nóim)
Na spásanna gailearaí a mhapáil le chéile trí ghluaiseacht agus trí líníocht, déanaimis iniúchadh ar na saothair ealaíne atá ar taispeáint ag an ealaíontóir Mark Garry mar chuid dá thaispeántas atá to hold or to be held. Agus é tógtha go cúramach de láimh, músclaíonn obair Mark na céadfaí, ag socrú rudaí a thrasnaíonn an spás agus a chruthaíonn caidrimh lena chéile. Agus úsáid a bhaint as na ceithre théama idirnasctha d'Aistear: folláine; féiniúlacht agus muintearas; cumarsáid a dhéanamh; iniúchadh agus smaoineamh, cruthaigh le páipéar agus pastal chun píosa mór ealaíne comhoibríoch a dhéanamh. Tarraingeoidh an cheardlann seo freisin ar naisc thraschuraclaim chuig dath, cruth, agus tógáil agus ag an am céanna leathnófar foghlaim na leanaí le spreagadh amhairc agus ó bhéal. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gceardlann anseo: https://solsticeartscentre.ie/event/fold
disAPPEAR
Dé hAoine, an 26 Aibreán 2024
9:30r.n. agus 11r.n. (60 nóim)
Cá dtéann scáthanna? Cén fáth a n-imíonn siad? Sa cheardlann spraíúil seo, fiosróidh scoláirí bunscoile solas agus am, agus radhairc shamhlaithe a mhairfidh inár gcuimhne amháin a chruthú. Nó, an n-imeoidh siad? An féidir linn scáthanna a ghabháil, iad a choinneáil agus féachaint arís orthu?
Spreagtha ag na saothair ealaíne inár ndánlann a chruthaigh an t-ealaíontóir Willie Doherty mar chuid dá thaispeántas Remnant cuirfidh muid an fíorshaol le chéile leis an saol samhlaithe. Ag nascadh trí sholas, líníocht agus scéal, glacfaimid le gnéithe den mhuintearas agus den chomhoibriú, ag nochtadh féidearthachtaí trí spraoi cruthaitheach agus an rud samhlaithe a réadú. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gceardlann anseo: https://solsticeartscentre.ie/event/disappear
Le haghaidh gach ceist agus gach áirithint seol ríomhphost chuig Deirdre: deirdre.rogers@solsticeartscentre.ie