Gairm ar Láithreoireachtaí agus Ceardlanna - Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024
Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Spriocdháta: 5i.n., Dé Luain an 9 Meán Fómhair
Beidh an naoú Lá Náisiúnta bliantúil de Thairseach na nEalaíon san Oideachas ar siúl Dé Sathairn an 9 Samhain in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Scoil na hEalaíne agus Deartha.
Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh thograí le haghaidh ceardlann agus cur i láthair a léiríonn cleachtas agus smaointeoireacht ardchaighdeáin laistigh de réimse na n-ealaíon agus na cruthaitheachta san oideachas. I mbliana, beidh fócas ar leith ar ‘Amplifying All Voices’ ar Lá na Tairsí.
Is mian leis an gCoiste tograí a chur ar fáil i mbliana a dhéanann ionadaíocht do leanaí ó phobail éagsúla agus do leanaí nach gcloistear go minic. Is é Dé Luain, an 9 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh le haghaidh tograí a chur isteach.
Critéir maidir le tograí a roghnú:
Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh thograí le haghaidh ceardlann agus cur i láthair a léiríonn:
- Cuir chuige dhinimiciúla
- Bealaí nua oibre
- Obair a léiríonn tiomantas don bharr feabhais
- Torthaí láidre aeistéitiúla agus/nó oideachais
- Cuir i láthair/ceardlanna ina n-áirítear guthanna leanaí
Beidh ár rogha tograí bunaithe freisin ar an mian atá ann do na nithe seo a leanas:
- Dea-raon tíreolaíoch náisiúnta
- Raon foirmeacha ealaíne
- Ionadaíocht luathbhlianta, bunscoile, iar-bhunscoile agus Ógtheagmhála
- Ionadaíocht chomhionann do na healaíona san oideachas agus earnálacha cruthaitheacha araon
- Cothromaíocht idir cuir chuige phraiticiúla agus theoiriciúla
Conas iarratas a dhéanamh:
Ba cheart tograí a chur isteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ar líne, cliceáil, le do thoil, ar an nasc seo a leanas chun teacht ar an bhfoirm agus léigh na treoirlínte iomlána maidir le hiarratas a dhéanamh.
Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le events@artsineducation.ie.