Clár Scoileanna Solstice ó mhí Mheán Fómhair go mí na Nollag 2024
Ionad Ealaíon Solstice
Clár an Gheimhridh: Meán Fómhair – Nollaig 2024
Tá Clár Amharc-Ealaíon na Scoileanna don Fhómhar agus don Gheimhreadh san Ionad Ealaíon Solstice ar fáil anois. Sna ceardlanna, turais agus cainteanna do scoláirí Bunscoile agus Meánscoile, fiosróidh oideachasóirí agus ealaíontóirí dhá thaispeántas an-éagsúil idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag.
Thresholds to the Unseen (an 7 Meán Fómhair – 1 Samhain) grúpthaispeántas ina bhfuil saothair dealbhóireachta le cúig ealaíontóir spreagúla atá bunaithe in Éirinn, is iad sin Fiona Kerbey, Christopher McMullan, Joanne Reid, Katherine Sankey, Emily Waszak
Le SURVEYOR 2024 (ón 16 Samhain go dtí an 21 Nollaig) cuirtear i láthair forléargas ar chleachtas na n-amharcealaíon comhaimseartha ar fud na Mí le níos mó ná 50 ealaíontóir ag obair i ngach disciplín.
Turais Scoile Visual Thinking Strategies a reáchtáiltear ar fud taispeántas lenar féidir le scoláirí iniúchadh agus machnamh a dhéanamh ar pheirspictíochtaí iomadúla, agus naisc traschuraclaim chuig próisis ealaíonta á n-úsáid. Faigheann scoláirí na Sraithe Sóisearaí/Sinsearaí eolas agus acmhainní lena dtacaítear le Réimse Ábhair 3: Domhan an lae inniu.
Is éard atá i gceist le heispéireas Sensory Connections do ghrúpaí beaga daoine ag a bhfuil riachtanais bhreise, turais réchúiseacha faoi stiúir daltaí atá nasctha le gníomhaíochtaí ildisciplíneacha nasctha le saothair ealaíne i ngach taispeántas.
Is éard atá i gceist leCoral-ations (Dé Máirt an 17 Meán Fómhair agus Dé Máirt an 8 Deireadh Fómhair), rud atá deartha do rang beag nó grúpa óige idir 9-17 mbliana d’aois, ceardlann cheirmeach dhá lá le Katherine Sankey, ealaíontóir taispeána Thresholds to the Unseen.
Is éard atá i gceist le An Dánlann a chur i láthair d’Oideoirí agus Ealaíontóirí (4pm Déardaoin an 19 Meán Fómhair) deis líonraithe chun taithí a fháil ar a spásanna, agus conas iad a úsáid mar thimpeallacht foghlama shaibhir le scoláirí.
Is éard atá i gceist le Cuir le chéile (Déardaoin an 26 Meán Fómhair) ceardlann do ghrúpaí ranga bunscoile ina bhféachtar ar bhealach níos géire ar shaothair ealaíne agus ábhair in Thresholds to the Unseen, agus freagra á thabhairt tríd an dealbhóireacht leis an ealaíontóir taispeánta Joanne Reid.
Fiosraíonn Material Narratives (Dé hAoine an 4 Deireadh Fómhair) le haghaidh grúpaí ranga dara leibhéal, fiosraíonn sé téamaí, próisis, teoiric agus smaointeoireacht ilsrathach na n-ealaíontóirí laistigh de Thresholds to the Unseen, leis an amharc-ealaíontóir Joanna Hopkins. Trí oibriú i gcomhar trí léiriú agus tástáil theagmhála, nasctar an cheardlann seo le Réimse Ábhair 3 – Domhan an lae inniu.
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Deirdre, Comhordaitheoir Foghlama agus Rannpháirtíochta ar 0469092300 nó cuir ríomhphost chuig Deirdre.rogers@solsticeartscentre.ie nó féach anseo.