ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 – An Dr. Jo Lewis, Ealaíontóir & Faighteoir Dhámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas ón gComhairle Ealaíon


Creidiúint na híomhá: Jo Lewis

Jo Lewis
Creidiúint na híomhá: Jo Lewis

Ghnóthaigh Jo Lewis céim Bhaitsiléara Ealaíon sa Mhínealaín in Coventry agus céim Mháistreachta i Mínealaín sa Dealbhóireacht ó Scoil Ealaíne Birmingham. Bhí stiúideo aici i stiúideonna SPACE Londan ar feadh roinnt blianta, áit ar oibrigh sí agus ar chuir sí saothair ar taispeáint agus í ag reáchtáil na bialainne veigeatóra 100 suíochán, Heather’s, san am céanna, in éineacht lena páirtí.

In 2002, d’aistrigh Jo ó Londain go Co. Liatroma lena páirtí agus lena gclann óg gur chóirigh siad seanteachín cloiche, chun ‘saol maith’ a bheith acu.

Le linn an ama seo, ghnóthaigh sí PhD ag SOAS (Scoil na Staidéar Oirthearach agus Afracach) as a cuid taighde ar Ealaíontóirí Mná na Botsuáine. Tá an tráchtas s’aici anois faoi choimeád Leabharlann na Breataine.

D’oibrigh Jo ar an tionscnamh BLAST (Ealaín Bheo a Thabhairt chuig Daltaí agus Múinteoirí) agus theagasc sí i scoileanna ar fud chontae Shligigh. Le déanaí, le haghaidh na mionchónaitheachtaí seo i scoileanna, dhírigh Jo ar na daltaí a thabhairt amach faoin spéir chun ealaín a dhéanamh agus inspioráid a fháil. D’úsáid sí tírdhreach áitiúil mar chúlra chun tumadh isteach in éiceolaíocht na háite tríd an ealaín.

In 2023, bhronn Comhairle Ealaíon na hÉireann sparánacht ar Jo chun rud beag taighde a dhéanamh ar an gcomhéadan idir an ealaín agus an éiceolaíocht san oideachas scoile mar bhealach chun spéis a mhúscailt i measc páistí i leith a dtimpeallachta.

 

Sparánacht do Dhaoine Óga agus Leanaí san Oideachas – Ealaín agus Éiceolaíocht do Pháistí agus Daoine Óga

Tá claonadh agam le tamall anois ábhair nádúrtha a úsáid i mo chuid oibre ealaíne féin, mar sin, nuair a tugadh sraith scoileanna dom chun bheith ag oibriú leo ar an tionscnamh BLAST, bhí mé ag súil le go mbeinn in ann tosú ar níos mó ábhair nádúrtha a úsáid san obair a dhéanfaimis sa rang.

Is é an chaoi ar thosaigh mé ná slata sailí a thabhairt isteach sa seomra ranga le go bhféadaimis struchtúir a dhéanamh astu. Lúbadh muid an tsaileach ina cruthanna agus bhíodh muid in ann na cruthanna seo a chlúdach le páipéar síoda agus péint – dhéanadh muid dealbha dathannacha eitleogacha astu. Thugainn isteach cré freisin agus bailiúcháin de chlocha agus píosaí adhmaid a bhféadaidís a dtírdhreacha fantaise a dhéanamh astu.

An bhliain ina dhiaidh sin, bhí mé ag iarraidh dul céim níos faide agus na daltaí a dhéanamh rannpháirteach ar bhonn níos dírí lena dtírdhreach áitiúil. Mar sin de, le tacaíocht ó na scoileanna, bhí mé in ann gach cónaitheacht a thosú le turas allamuigh. In 2022-2023, bhí cónaitheacht agam i dtrí scoil agus iad cóngarach do thírdhreacha an-éagsúil: portach, trá agus coillearnach. Shocraigh mé, mar sin, ar an tsraith chéanna de cheardlanna a reáchtáil le gach scoil agus is é a d’eascair as seo ná bailiúchán iontach de shaothair ealaíne lenar léiríodh réimse leathan d’éiceolaíocht Chontae Shligigh.

Le linn na dturas allamuigh seo, tugadh deis do na páistí i dtús báire an tírdhreach a fhiosrú agus a bheith ag súgradh ann. Ansin, iarradh orthu píosa d’ealaín talaimh a chruthú (mhínigh muid seo roimh ré sa seomra ranga) le gur éirigh an súgradh níos dírithe. Ansin, iarradh orthu díriú ar ghné amháin den tírdhreach, planda, feithid, éan, carraig agus an ghné sin a dhoiciméadú trí líníocht, trí rudaí a bhailiú agus a phreasáil nó tríd an ngrianghrafadóireacht.

Tugadh an taithí seo ar fad ar ais chuig an seomra ranga, áit ar úsáid muid foinsí tagartha chun na plandaí/feithidí/crainn/éin a bhí doiciméadaithe acu a ainmniú agus a lipéadú. Bhí muid in ann é seo a úsáid mar bhonn eolais do na ceardlanna leantacha éiceolaíocht-bhunaithe sa seomra ranga.

Ag deireadh an téarma, bhí mé ag iarraidh é seo a thabhairt céim níos faide agus iniúchadh a dhéanamh ar thorthaí na gceardlann seo ar bhonn níos mionsonraí agus bealach a aimsiú chun an t-eolas seo a scaipeadh. D’fhág Sparánacht na Comhairle Ealaíon do Dhaoine Óga agus Leanaí san Oideachas go raibh mé in ann é seo a dhéanamh agus pléifear sna chéad bhlaganna eile ar roinnt de na téamaí atá tar éis eascairt aisti.

Foilsithe

28/8/2024

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile