ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An Bus


Barnstorm Theatre Company presents The Bus

Creidiúint na híomhá: Tim Harper

Compántas Amharclannaíochta Barnstorm: An Bus

Dátaí: An 8 – 22 Deireadh Fómhair 2024

Samhlaigh gur leanbh deich mbliana d’aois thú atá ag tosú ar scoil nua. Áit achrannach de dhílseachtaí athraitheacha atá sa bhus scoile, inar gá duit na rialacha a fhoghlaim chun teacht slán agus le haghaidh inghlacthachta. ‘The Bus’, dráma a scríobh Maeve Ingoldsby agus Stiúrthóir Ealaíne Barnstorm, Philip Hardy, agus a nuashonraigh John Morton in 2024. Tá sé oiriúnach do leanaí idir 6 agus 12 bhliain d’aois. Agus é suite ar an mbus scoile, leis an dráma fiosraítear na dúshláin atá roimh leanaí agus iad ag féachaint le bheith ag réiteach le grúpa piaraí nua. Is éard atá ann léiriú pléascach, an-fhisiciúil, lena gcuimsítear gnéithe de cheol, amhránaíocht agus greann rancáis, in éineacht le tráthanna den fhírinne mhothúchánach, chun píosa amharclannaíochta do leanaí atá spleodrach, géarchúiseach agus an-siamsúil a chruthú.

“Is é an bua atá i gCompántas Amharclannaíochta Barnstorm úsáid a bhaint as drámaíocht chun cuid de na castachtaí i saol leanaí a chur in iúl…” The Irish Times

“Tá Compántas Amharclannaíochta Barnstorm ar cheann de na nithe is fearr in Amharclannaíocht na hÉireann.” Irish Mail on Sunday

Beidh taibhithe den Bhus ar siúl:

Dé Máirt an 8 Deireadh Fómhair – Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2024 – 10:00 & 12:30 in Axis, Baile Munna Féach anseo chun teacht ar shonraí agus áirithintí.

Dé Máirt an 15 Deireadh Fómhair – Dé Máirt an 22 Deireadh Fómhair 2024 – Luan go hAoine ag 10:00 & 12:30 Amharclann Gheata an Uisce, Cill Chainnigh. Féach anseo chun teacht ar shonraí agus áirithintí.

 

Ticéid: €10 (Múinteoir amháin/beirt mhúinteoirí saor in aisce in aghaidh an ranga)

Is ionann an fad reatha agus timpeall 65 nóiméad

Foilsithe

28/8/2024

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath