Deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí ar fud líonra ITOÉ
Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ITOÉ)
Dátaí: dátaí éagsúla
Bhailíomar le chéile rogha cúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí a thairgtear trí líonra Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann. Seo a leanas buaicphointí na gcúrsaí atá ar fáil:
Súgradh Comhoibríoch le LEGO do Leanaí ar a bhfuil neamhord de chuid speictream an uathachais agus neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde
Láthair agus Dátaí:
Ionad Oideachais Shligigh, an 2 Meán Fómhair, 7-8pm
Ionad Tacaíochta Oideachais Loch Garman, an 1 Deireadh Fómhair, 7-8pm
Ionad Oideachais Dhroim Conrach, an 2 Deireadh Fómhair, 7-8pm
Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise, an 7 Deireadh Fómhair, 7-8pm
Tá Súgradh Comhoibríoch, agus Lego á úsáid, ina fhoirm éifeachtach de theiripe do leanaí ag a bhfuil réimse leathan deacrachtaí mothúchánacha agus iompraíochta lena n-áirítear dúlagar, imní, iompar bagrach agus fadhbanna sóisialta. Is é is cuspóir don chúrsa seo do spéis a mhúscailt sa phróiseas a bhaineann le grúpa Súgartha Chomhoibríoch a chur ar bun i do sheomra ranga agus/nó i seomra sa scoil.
Leabharlanna Scoile a Bhunú: Leideanna Praiticiúla chun Tosú
Láthair agus Dáta: Ionad Oideachais Loch Garman, an 5 Meán Fómhair 2024, 7-8pm
Ardaigh caighdeáin litearthachta agus cuir an léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr chun cinn i measc phobal na scoile trí chéile! Leis an gcúrsa seo, soláthrófar leideanna praiticiúla amhail foireann ceannaireachta a chur ar bun do scoláirí, úsáid a bhaint as córas catalóige, seilfeáil, ordú agus lipéadú. Conas spás fáilteach, éagsúil agus sábháilte a chruthú do scoláirí agus róil cheannaireachta á dtabhairt dóibh agus a scileanna comhoibríocha agus eagraíochtúla a fheabhsú.
Guthanna Áitiúla
Láthair agus Dátaí:
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise, Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Dara agus Ionad Oideachais Dhroim Conrach, an 9 Meán Fómhair 2024, 7-8pm
Is éard atá i gceist le Guthanna Áitiúla tionscnamh iontach nua maidir le stair agus tíreolaíocht a theagasc agus béim ar ghuth/gníomhú leanaí agus oideachas saoránachta. Trí phróiseas a bhaineann le daoine suimiúla ón gceantar áitiúil a chur faoi agallamh, na hagallaimh a thaifeadadh/a thras-scríobh, sleachta as na hagallaimh a roghnú agus grianghraif a thógáil, bailíonn na leanaí agus na múinteoirí léargas na linne ar stair úrnua agus tíreolaíocht reatha a gceantair áitiúil.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na cúrsaí sin agus chun áirithint a dhéanamh, déan teagmháil leis an Ionad Tacaíochta Oideachais ábhartha nó téigh chuig: https://www.esci.ie/cpd-courses.html