ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go nglacfaidh 184 scoil nua páirt ina clár Scoileanna Ildánacha


Three Students looking at art piece

Íomhá: Scoláirí ó Bhunscoil Shráid Synge ag féachaint go sásta ar a saothar ealaíne nua a rinne siad le linn a gcuid ama mar chuid de chlár na Scoileanna Ildánacha. © Brian Cregan

Scoileanna Ildánacha

D’fhógair an Chomhairle Ealaíon an tseachtain seo go mbeidh 184 scoil agus ionad Ógtheagmhála nua ar fud na hÉireann páirteach ina clár Scoileanna Ildánacha. Dá bhrí sin, ghlac 1,100 scoil Éireannach páirt ó ann ó cuireadh tús leis an gclár in 2018. Tá scoil as gach ceithre scoil tar éis a bheith páirteach anois sa chlár Scoileanna Ildánacha.

Is forbairt ríthábhachtach é seo do na healaíona agus do dhaoine óga in Éirinn agus cabhraíonn sé le haidhm na Comhairle Ealaíon a chomhlíonadh go mbeadh deis ag gach leanbh a bheith rannpháirteach go hiomlán i raon foirmeacha ealaíne laistigh dár gcóras oideachais. Oibríonn an Chomhairle Ealaíon lena chinntiú gur féidir le gach leanbh taitneamh iomlán a bhaint as a gceart ar na healaíona agus cultúr.

Bhí 300 iarratas ar an gclár i mbliana, méadú suntasach ar uimhreacha 2023. Ina measc siúd atá páirteach i Scoileanna Ildánacha i mbliana tá 53 scoil DEIS agus 23 scoil Ghaeilge chomh maith le seacht n-ionad ógtheagmhála agus ocht scoil speisialta. Gheobhaidh na 184 scoil a roghnófar deontas dar luach €4,000 in aghaidh na scoile agus oibreoidh siad le Comhlach Cruthaitheach gairmiúil ar feadh dhá bhliain a thabharfaidh tacaíocht dóibh a bPlean saincheaptha um Scoil Ildánach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Trí pháirt a ghlacadh sa chlár Scoileanna Ildánacha, cuirtear ar chumas leanaí agus daoine óga gníomh ealaíon agus cruthaitheach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas ar fud a gcuid scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála. Cuireann an tionscnamh ar chumas scoileanna freisin bealaí breise oibre a aimsiú agus tionchar na cruthaitheachta ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga a nochtadh. Déanann scoileanna a ghlacann páirt iniúchadh ar chruthaitheacht de gach cineál agus glacann leis an gcaoi ar féidir í a cheiliúradh ar an oiread sin bealaí. Idir bácáil go gairdíní a chruthú agus a dhearadh, ó ghrianghrafadóireacht go taibhiú, ó bheith ag obair le grúpaí pobail eile go dtí ceantair dá scoileanna féin a athrú, tá tionchar na Scoileanna Ildánacha le brath cheana féin i ngach contae.

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD: “Is iontach an rud é fáilte a chur roimh na 186 scoil chuig tionscnamh na Scoileanna Ildánacha 2024. Ba mhaith liom go pearsanta fáilte a chur roimh na scoileanna nua seo isteach sa chlár uathúil seo. Tá mé ag súil lena fheiceáil conas a fhorbróidh na tionscadail chruthaitheacha spreagúla seo sa dá bhliain atá amach romhainn.”

Ag labhairt di inniu freisin, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na 186 scoil agus ionad Ógtheagmhála a rinne iarratas ar agus ar éirigh leo a bheith ina Scoil Ildánach. Tá deis ag an gcohórt nua seo de scoileanna agus de phobail scoile tabhairt faoi aistear uathúil cruthaitheachta agus fionnachtana a mhairfidh dhá bhliain. Leis an tsraith bhreise scoileanna seo, ciallaíonn sé anois, ó cuireadh tús leis in 2018, go mbeidh taithí ag 1 as 4 scoil in Éirinn ar Scoileanna Ildánacha. Arís eile, tá méadú leanúnach i mbliana ar éagsúlacht na suíomhanna a fhaigheann tacaíocht. Is fianaise é seo ar a thionchar agus ar láidreacht na comhpháirtíochta idir an Chomhairle Ealaíon, an Roinn Oideachais agus an Clár uile-rialtais, Éire Ildánach.”

Ag labhairt di faoin bhfógra inniu dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Maureen Kennelly: “Cuirimid fáilte mhór roimh ár gcohórt nua de 186 scoil chuig Scoileanna Ildánacha. Sna sála ar an rath iontach a bhain le Fuadar Feabhra do scoileanna i mbliana, tá áthas orainn méadú soiléir a fheiceáil ar na hiarratais ar an acmhainn dhochreidte seo. Faoin gcéim seo den chlár, tá an-áthas orainn a rá go bhfuil 25% de gach scoil in Éirinn páirteach linn anois. Tá a fhios againn gur féidir le heispéiris ealaíon le leanaí, ar son leanaí agus ceaptha ag leanaí a bheith bunathraitheach. Ag obair lenár gcomhpháirtithe sa Roinn Oideachais, agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus in Éirinn Ildánach, táimid ag tnúth le scoilbhliain eile lán taiscéalaíochta, smaointeoireachta cruthaithí, fionnachtana agus an rud is tábhachtaí, spraoi”.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar thionscnamh na Scoileanna Ildánacha téigh go dtí https://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/.

Foilsithe

9/9/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre