The Giggler Treatment ag The Ark
The Ark
1 Nollaig 2024 - 12 Eanáir 2025
Tráth shéasúr na Nollag seo, tar éis a shraithe rathúla in 2023, tá The Ark bródúil as The Giggler Treatment a chur i láthair, ceoldráma nua iontach ábhailleach bunaithe ar an úrscéal le Roddy Doyle.
Má chaitheann daoine fásta go holc le leanaí, cuirtear The Giggler Treatment orthu. Tá drochbholadh air. Tá sé leircíneach. Agus greamaíonn sé de do bhróg. Ach uaireanta, go fíorannamh, déanann na Gigglers botún… An féidir le Robbie, Kayla, Jimmy agus Rover an madra teacht chun Uasal Mack a tharrtháil sula mbuaileann an cac an bhróg?
Scríofa agus cumtha ag Fionn Foley (Tonic, Fierce Notions), tá an cóiriú glórmhar seo ar an úrscéal a bhfuil an-ráchairt air ag cur lán le nathaíocht a shamhlódh le Baile Átha Cliath, foinn speisialta agus scolgháirí do leanaí agus do dhaoine fásta araon.
Pacáilte le hamhráin mhóra agus DROCHBHOLADH níos measa arís, tá sé ar an seó is greannmhaire, is dána agus is seafóidí dá bhfuil ag dul!
Beidh léirithe suaimhneacha de The Giggler Treatment Dé hAoine, an 13 Nollaig @ 10.15r.n. & 12.15i.n., Dé Sathairn, an 14 Nollaig @ 2i.n. agus Dé Luain, an 30 Nollaig @ 4i.n. Tá léirithe suaimhneacha dírithe ar theaghlaigh nó ar ghrúpaí scoile le leanaí atá ar speictream an uathachais nó orthu siúd a bhfuil íogaireachtaí céadfacha acu agus cuirfear in oiriúint iad le go mbeidh do leanbh ar a chompord. Beidh an fhuaim ag leibhéal níos ísle agus beidh na soilse maolaithe seachas a bheith dorcha go hiomlán, tabharfaimid rabhadh duit faoi aon torann ard agus beidh limistéar suaimhnis againn áit ar féidir le do leanbh a scíth a ligean.
Ticéid
€17.50/€12.50* in aghaidh an duine. (lascaine 20% do Bhaill)
Luatháirithint: €15 má chuirtear in áirithe é faoin 23 Lúnasa 2024
Ticéid Scoileanna: €7 nó €5 do Mhochóirithe ar baill ArkEd iad má chuirtear in áirithe iad faoin 25 Deireadh Fómhair 2024. Beidh cead isteach saor in aisce ag múinteoirí!
Réamhléirithe: €12.50 an duine /€4.50 do scoileanna
Chun áirithint scoile a dhéanamh, bain úsáid as foirm áirithinte na scoileanna nó glaoigh ar 01 6707788.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig ark.ie/events/view/the-giggler-treatment-2024.