Deiseanna do Scoileanna: Osclaíonn Iarratais ar an gClár Coimeádaithe Oidhreachta Náisiúnta
Burrenbeo Trust: Coimeádaithe Oidhreachta
Dáta Deiridh: 4 Deireadh Fómhair
D’oscail Burrenbeo Trust an babhta is déanaí den Chlár Coimeádaithe Oidhreachta Náisiúnta. Tá an clár in aisce críochnaithe ag breis is 150 grúpa agus scoil go dtí seo. Tá na Coimeádaithe Oidhreachta ag lorg grúpaí pobail agus ranganna sinsearacha i mbunscoileanna anois le páirt a ghlacadh sa cheathrú babhta a bhfuiltear ag tnúth go mór leis. Trí shraith ceardlann ar líne tugann na Coimeádaithe Oidhreachta ar chumas grúpaí agus scoileanna dul i ngleic lena n-oidhreacht áitiúil agus cuireann siad maoiniú ar fáil chun ligean dóibh gníomh dearfach a dhéanamh. Seachas a bheith ag iarraidh oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha a scaradh as a chéile, oibríonn an clár ar an bprionsabal go bhfuil gach gné den oidhreacht idirnasctha go dlúth agus go n-oibríonn na gnéithe seo le chéile chun ár nÁiteanna sainiúla a chruthú. Anuraidh, ghlac 70 scoil agus pobal páirt sa chlár, agus d’éirigh lena bhformhór tionscadail agus gníomhaíochtaí arna maoiniú go háitiúil a chríochnú. Áiríodh leis na gníomhartha sin taispeántais, rianta oidhreachta, plandáil crann, cruthú podchraoltaí, leabhráin, linnte fiadhúlra, tionscadail maidir le stair bhéil agus laethanta ‘Mórtas Ceantair’. Cuirtear maoiniú ar fáil do thurais allamuigh freisin, rud a chiallaíonn go dtugann rannpháirtithe cuairt ar láithreáin oidhreachta áitiúla iad féin seachas díreach a bheith ag foghlaim fúthu ar líne.
Cuimsíonn an clár cúig cheardlann ar líne a mhaireann dhá uair an chloig, agus tacaíocht thiomanta ina dhiaidh sin le linn an gníomh maoinithe a thabhairt chun críche. Tá sé oscailte do léirithe spéise, le roghanna le tosú san fhómhar seo nó sa Bhliain Nua.
Téigh chuig www.heritagekeepers.ie i gcomhair tuilleadh faisnéise.