ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 3: Cén fáth nach bhfoghlaimeofá Gaeilge? Deiseanna cruthaitheacha na foghlama teanga á bhfiosrú


Signpost with Irish and English place names.

Dr Claire Dunne
Creidiúint na híomhá: Claire Dunne

Tá Claire Dunne ag feidhmiú mar Cheann na Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge ag Institiúid Oideachais Marino ó 2022. Tá sí ag obair mar léachtóir sa Ghaeilge agus mar aistritheoir san institiúid chéanna le 17 mbliana anuas.

Roimhe sin, bhí sí ina múinteoir bunscoile agus d’oibrigh sí mar aistritheoir don chomhlacht Sanas. Tá MA aici sa Staidéar Idirchultúrtha agus PhD sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. Tá an-suim aici i bhfoghlaim agus teagasc na Gaeilge.

Is eispéireas saibhir é teanga eile a fhoghlaim nó a shealbhú a thugann spléachadh dúinn ar dhearcthaí éagsúla an domhain. Ligeann sé dúinn ceangal a dhéanamh lenár gcruthaitheacht agus le gnéithe éagsúla d’ár bhféiniúlacht a fhiosrú. Déanann an tsraith blaganna seo a leanas iniúchadh ar na bealaí éagsúla a chuireann an Ghaeilge lenár gcruthaitheacht.

Ina ceathrú blag, agus sa bhlag deireanach uaithi, fiosraíonn an Dr Claire Dunne, cumhacht chruthaitheach na Gaeilge agus an chaoi ar féidir sult a bhaint aisti sa saol laethúil.

Tá an Ghaeilge mórthimpeall orainn agus is iomaí bealach atá ann chun taitneamh a bhaint as do chuid Gaeilge a úsáid go cruthaitheach i do shaol laethúil.

An Ghaeilge Mórthimpeall Orm

Téigh amach ag súil i do cheantar áitiúil. Tabhair faoi deara (nó glac pictiúr de) na comharthaí a fheiceann tú atá i nGaeilge. Feicfidh tú go leor comharthaí dátheangacha bóithre, chomh maith le hainmneacha scoileanna nó siopaí i nGaeilge etc.

Ar chuala tú frása Gaeilge ar bith in úsáid ar an mbus, ar an Luas, nó ar an traein? Céard is ciall leo? Déan liosta de na frásaí nua sin.

Breathnaigh ar roinnt logainmneacha áitiúla. Céard is ciall leo? An bhfuil scéal taobh thiar den logainm? Téigh chuig logainm.ie chun níos mó eolais a fháil ar an logainm.

Ní gá duit do bhaile féin a fhágáil chun teacht ar an nGaeilge, áfach.

Tá go leor Gaeilge thart timpeall ort sa bhaile! Breathnaigh timpeall an tí. An bhfeiceann tú rud ar bith a bhfuil Gaeilge air, mar shampla, táirgí a ndearnadh in Éirinn iad, cosúil le Bainne Úr agus Mil?

Tá níos mó smaointe maidir leis an nGaeilge i do thimpeallacht a thabhairt faoi deara anseo.

Mo Phobal Gaeilge

D’fhéadfadh daoine a bheith i do theaghlach nó i do chomharsanacht a bhfuil cúpla focal Gaeilge acu. Fiú más blianta ó shin a d’fhoghlaim tú an Ghaeilge ar scoil, níl do Ghaeilge caillte! Bheadh ionadh ort faoin oiread frásaí a bhfuil cuimhne agat orthu fós.

An bhfuil Gaeilge ag duine ar bith de do ghaolta, do chairde nó do chomharsana? An bhfuil teanga ar bith eile ar eolas acu? Fiafraigh díobh céard é an focal nó an frása is fearr leo.

Roghnaigh Cara Comhrá. Beannaigh don duine sin i nGaeilge gach lá. Seol teachtaireacht téacs nó teachtaireacht chucu go rialta. Cén fáth nach ndéanfá méim bharrúil Ghaeilge a thaitníonn leat a chur chucu?

Tá mé in ann… Ba mhaith liom a bheith in ann…

Smaoinigh ar na rudaí ba mhaith leat a bheith in ann a dhéanamh i nGaeilge. Is leat féin go pearsanta a bhaineann na spriocanna seo. Ar mhaith leat éisteacht le hamhrán i nGaeilge, jóc a insint i nGaeilge nó teachtaireacht téacs a sheoladh i nGaeilge?

Is féidir leat tosú le gníomh beag. Cén fáth nach dtosófá ag leanúint An Siopa Leabhar ar na meáin shóisialta chun moltaí a fháil maidir le leabhair Ghaeilge? Bain triail as do chuid Gaeilge a úsáid chun postáil ghairid a scríobh thíos.

Más spéis leat beagán níos mó a fhoghlaim faoi bhéaloideas na Gaeilge, éist le Blúiríní Béaloidis.

Nó suigh siar agus breathnaigh ar ghearrscannán i nGaeilge Cartlanna Gaeilge - Seinnteoir Cartlainne Institiúid Scannán na hÉireann. (Tá Mean Girls i nGaeilge ar cheann de na cinn is fearr liomsa go pearsanta! Cailíní Gránna - YouTube)

Má osclaíonn tú do shúile agus do chluasa don Ghaeilge, tiocfaidh tú ar go leor bealaí chun an Ghaeilge a úsáid go cruthaitheach i do shaol laethúil.

Foilsithe

25/9/2024

Tags

Gaelige, Irish