Deiseanna do Scoileanna: Tugann Féile Leabhar na bPáistí i gCorcaigh cuireadh do bhunscoileanna bualadh leis na The Brothers McLeod
Féile Leabhar na bPáistí de chuid Chomhairle Contae Chorcaí
Dáta: 7 Deireadh Fómhair 2024
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Chorcaí imeacht ar líne saor in aisce a fhógairt do bhunscoileanna mar chuid d'Fhéile Leabhar na bPáistí i gCorcaigh. Tugtar cuireadh do dhaltaí idir 8 agus 10 mbliana d'aois aithne a chur ar The Brothers McLeod, a bhfuil duaiseanna buaite acu agus ar deartháireacha iad. Is iad cruthaitheoirí na sraithe ‘Knight Sir Louis’ iad.
Tá an t-imeacht ar líne seo saor in aisce agus beidh sé ar siúl ag 11r.n. Dé Luain, an 7 Deireadh Fómhair ar Zoom. Beidh iliomad scoileanna ag freastal air. Beidh deis ag scoláirí ceisteanna a chur ar Greg agus Myles McLeod.
Is iad na deartháireacha a bhuaigh BAFTA, Greg agus Myles McLeod, maisitheoir agus údar na sraithe ‘Knight Sir Louis’.
D'oibrigh Greg ar Shaun the Sheep do Aardman Animations. Tá Myles tar éis scríobh do chláir theilifíse cosúil le Hey Duggee. Le chéile tá beochaintí léirithe acu do Disney, don Royal Shakespeare Company agus don BBC.
Scríobhadh an chéad leabhar Knight Sir Louis in ómós mac Greg… Louis! Is féidir na leabhair a léamh in ord ar bith agus is scéalta Ag Léamh ar Mhaithe le Pléisiúr den scoth iad.
Tá lúcháir ar Fhéile Leabhar na bPáistí i gCorcaigh cuairt a fháil ó Myles agus Greg a bheidh ag caint leis na leanaí chun inspioráid a chur ar fáil dá gcuid scríbhneoireachta féin agus iad a chur faoi dhraíocht chomh maith faoi áthas na léitheoireachta. Tacóidh sé seo leis an obair litearthachta a dhéanann tú i scoileanna agus tá súil againn go gcruthóidh sé eispéireas spreagúil do do scoláirí.
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le schools.library@corkcoco.ie