Aoichainteoirí – Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024
Cuimhnigh ar an dáta! Beidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024 ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Scoil na hEalaíne agus Deartha ar an Satharn, an 9 Samhain 2024 i gcomhar le Scoil na hEalaíne agus Deartha.
Cuirfear tús leis an lá le haitheasc fáilte an Dr Orla McDonagh, Déan Dhámh na nEalaíon & na nDaonnachtaí in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus Kate Delaney, Ball Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus Príomhaí Cúnta sa Chlár Éire Ildánach.
I ndiaidh an aithisc fáilte, beidh plé painéil ann le haoichainteoirí ar nós Leon Diop, Ceann Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Francesca Hutchinson, ealaíontóir ildisciplíneach agus oideoir, an Dr Padráig Kirk, Stiúrthóir Bainistíochta Oide, agus an Dr Hannagh McGinley, Ollamh Cúnta san Oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas. Déanfaidh an painéal, a bheidh á mhodhnú ag Jennifer Buggie, ball de Choiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas, Comhairleoir do na hEalaíona agus Cruthaitheacht san Oideachas de chuid na Roinne Oideachais agus an Ionaid Oideachais, Trá Lí, iniúchadh ar théama na bliana seo, “Amplifying All Voices” agus plé ar an gcaoi ar féidir le hAimpliú na nGuthanna Uile sa chruthaitheacht agus san oideachas daoine a chumasú, muinín a thógáil, paisean a chruthú agus tacaíocht a chur ar fáil.
Cuirfidh aitheasc clabhsúir ó Adam Stoneman, Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Chruthaitheacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus taibhiú ó Chlub Giotár agus Banna Choláiste Marino leis an múinteoir ceoil, Arjun Desai, clabhsúr leis an imeacht.
Fógrófar sceideal iomlán an lae náisiúnta Dé Máirt, an 8ú Deireadh Fómhair, tráth a osclófar na háirithintí ticéad ar líne. Tá sé mar aidhm ag an ócáid lae saor in aisce seo gairmithe ealaíon agus oideachais a thabhairt le chéile le roinnt, foghlaim, labhairt, líonrú, inspioráid a fháil agus dea-chleachtais sna healaíona agus sa chruthaitheacht in oideachas a phlé.
Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil le events@artsineducation.ie.