ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Is Féidir Ticéid a Chur in Áirithe Anois! Lá Náisiúnta na Tairsí, 2024


Announcement of Portal Day with image of dance workshop from last yer

Is féidir clárú anois dár 11ú Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 9 Samhain 2024 in East Quad, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Scoil na hEalaíne agus Deartha. Tá sé mar aidhm ag an ócáid lae saor in aisce seo gairmithe ealaíon agus oideachais a thabhairt le chéile le roinnt, foghlaim, labhairt, líonrú,inspioráid a fháil agus dea-chleachtais sna healaíona agus sa chruthaitheacht in oideachas a phlé.

Sa Chlár beidh meascán de chuir i láthair, seisiúin bheaga phlé-bhunaithe agus ceardlanna cruthaitheacha a thabharfaidh aghaidh ar fhócas speisialta ‘Amplifying All Voices’ agus conas is féidir le haimpliú gach glóir sa chruthaitheacht agus san oideachas cumhacht a thabhairt do dhaoine, cur lena muinín agus a bpaisean, agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Mar a fógraíodh cheana, tá áthas ar Fhoireann na Tairsí fáilte a chur roimh na haoichainteoirí Leon Diop, Ceann Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Franchesca Hutchinson, ealaíontóir ildisciplíneach agus múinteoir iar-bhunscoile, an Dr Pádraig Kirk, Stiúrthóir Bainistíochta Oide, agus an Dr Hannagh McGinley, Ollamh Cúnta san Oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas a bheidh i mbun plé lena chéile, faoi mhodhnóireacht Jennifer Buggie, Comhairleoir na nEalaíon & na Cruthaitheachta san Oideachas leis an Roinn Oideachais agus an tIonad Oideachais, Trá Lí.

Le haitheasc clabhsúir rapóirtéara ó Adam Stoneman, Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Chruthaitheacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Féach ar Chlár 2024 AiE-Portal-ND2024-programme-GA-proof (1)

Conas Ticéid a Chur in Áirithe
Tá na ticéid le haghaidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas in 2024 saor in aisce ach tá sé riachtanach áit a chur in áirithe mar go bhfuil teorainn ar líon na ndaoine is féidir a bheith ann.

Má tá aon cheist, déan teagmháil le events@artsineducation.ie  .

Cuir ticéid in áirithe ANSEO.