ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deiseanna do Scoileanna: Bratach na Ealaíon Digiteach Acorn Branar


Branar's Acorn Digital Arts Flag - image with two pupils drawing at a desk.

Branar
Dáta Deiridh: 31 Deireadh Fómhair 2024

Tá Branar ag glacadh le hiarratais ó scoileanna ar an gclár Bratach na nEalaíon Digiteach Acorn.

Is tionscnamh scoile uile é Bratach na Ealaíon Digiteach Acorn Branar a ceapadh chun rannpháirtíocht sna healaíona a chur chun cinn i scoileanna agus í a chúiteamh chomh maith. Is díol mórtais é do Branar a bheith ag obair i gcomhar le Acorn Life Group chun an deis seo a chur ar fáil gach bliain.

Sa chlár Bratach na Ealaíon Digiteach Acorn tá an méid seo a leanas:

Sraith 6 cheardlann ealaíon i modh físeáin is féidir le múinteoirí agus daltaí a dhéanamh sa seomra ranga (tá leagan ann do ranganna sóisearacha agus ceann eile ann do ranganna sinsearacha)

Moltaí chun na gníomhaíochtaí ceardlainne a leathnú sa seomra ranga

Cáipéisíocht chun tacú le rannpháirtíocht sna ceardlanna agus chun ábhar na gceardlann a fhorbairt sa seomra ranga ina ndiaidh

Is éard atá i gceist le críochnú Bhratach na Ealaíon Digiteach Acorn ná ráiteas gnóthachtála agus léiriú intinne i ndáil le suntasacht agus stádas na n-ealaíon sa scoil. Beidh sé ina lóchrann infheicthe a léireoidh tiomantas do thábhacht na rannpháirtíochta sna healaíona do na scoláirí sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na seomraí ranga.

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir lena bhfuil i gceist, féach suíomh gréasáin Branar https://branar.ie/ga/schools nó féach ar an bhfíseán intreorach seo:

 

Is féidir le scoileanna in Éirinn cur isteach ar an gclár seo saor in aisce. Mar sin, scaip é i measc múinteoirí/scoileanna a mbeadh spéis acu ann.

Ní ghearrtar aon chostas ar scoileanna páirt a ghlacadh ann.

Comhlánaigh agus cuir isteach an fhoirm ag an nasc seo chun iarratas a dhéanamh: form.jotform.com/231153125616346

Foilsithe

15/10/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre