ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis Ealaíontóra: Gairm Oscailte d’Fhéile na Máthairtheangacha, 2025


Mother Tongues Festival open call for artists. Image shows movement workshop from 2024 festival.

Féile na Máthairtheangacha, 2025 – Gairm Oscailte ar Ealaíontóirí
Dáta Deiridh: Dé Domhnaigh, an 27 Deireadh Fómhair 2024

Tá Féile na Máthairtheangacha, an ceiliúradh is mó in Éirinn ar an éagsúlacht teangacha trí na healaíona, ag gairm ar ealaíontóirí cosúil leatsa a bheith páirteach in imeacht dodhearmadta in 2025. Bí réidh le difear a dhéanamh, teagmháil a dhéanamh le pobail éagsúla agus do chleachtas ealaíonta a chur ar taispeáint ar bhealach úrnua.

Is ardán ionchuimsitheach í Féile na Máthairtheangacha a thugann deis d’ealaíontóirí ó gach cineál cúlra a bheith páirteach i gceardlanna, taibhithe agus taispeántais a ghlacann le cumhacht an bhreisteangachais.

Spreagann an fhéile gach duine, gan beann ar an gcúlra teanga atá acu, chun nithe nua a fhiosrú, rud éigin nua a fhoghlaim agus an rud is tábhachtaí, craic a bhaint as. Is é croí na féile ceiliúradh a dhéanamh ar do mháthairtheanga agus ar an iliomad teangacha a labhraítear in Éirinn.

Tapaigh an Deis

Táthar ag lorg ealaíontóirí díograiseacha chun ceardlanna a stiúradh a mheallfadh daoine, a chuirfeadh eolas ar fáil agus a dhéanfadh siamsaíocht do dhaoine ag Féile na Máthairtheangacha, 2025. Cibé acu i ngort an cheoil, na n-amharc-ealaíon, an damhsa, na scéalaíochta, nó na n-ealaíon agus na ceardaíochta traidisiúnta a bhíonn tú ag saothrú, nó má dhéanann tú aon chineál taibhithe, ba mhian leo cloisteáil uait.

Ba cheart na ceardlanna a bheith oiriúnach do theaghlaigh (tuismitheoirí/cúramóirí a bheidh ag freastal in éineacht le leanaí) agus do leanaí sna haoisghrúpaí seo a leanas: idir 2 agus 3 bliana, 3 agus 6 bliana, agus 6 agus 8 mbliana.

Cé go gcuirfear fáilte roimh gach togra, bheadh an spéis acu i gcinn a spreagann an rannpháirtíocht ghníomhach agus a bhfuil nasc acu le ceann de na téamaí seo a leanas:

  • Cruthaitheacht agus breisteangachas
    gníomhaíocht a chuireann an chruthaitheacht agus teangacha chun cinn, a chothaíonn tuiscint ar an éagsúlacht teangacha nó léirthuiscint ar gach teanga
  • Teangacha ó oidhreacht chomhroinnte
    gníomhaíocht a chuireann chun cinn teanga amháin agus a thaispeánann ábharthacht na nasc idir teanga agus oidhreacht

Gheobhaidh gach ealaíontóir roghnaithe buiséad €250 in aghaidh na ceardlainne.

Bheadh an-spéis ag lucht eagraithe na féile i dtograí a dhéanann ceiliúradh ar theangacha seachas an Béarla, go háirithe teangacha ó Mheiriceá Laidineach, ón Áise agus ón Afraic. D’fhéadfadh do mheon uathúil an fhéile a shaibhriú agus malartú cultúir beoga a chruthú.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an ngairm oscailte seo, chomh maith le sonraí maidir leis an gcaoi ar féidir leat do thogra a chur isteach, cliceáil anseo: mothertonguesfestival.com

Is é Dé Domhnaigh, an 27 Deireadh Fómhair 2024, an spriocdháta. Reáchtálfar an cheardlann ar an 22 Feabhra 2025 i dTamhlacht.

Foilsithe

21/10/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Ar fud na tíre