ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Foilsíodh na Treoirlínte chun Tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i dTimpeallachtaí Luathfhoghlama, Scoile & Cúraim Leanaí


Image of smiling children - Guidelines Supporting Inclusion for Autistic Children in Early Learning, School & Childcare Settings

Tá na Treoirlínte chun Tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i dTimpeallachtaí Luathfhoghlama, Scoile & Cúraim Leanaí foilsithe ag an Aire O’Gorman

Tá na Treoirlínte Tosaigh chun Tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i dTimpeallachtaí Luathfhoghlama agus Cúraim, Cúraim Leanaí in Aois Scoile agus Feighlíochta Leanaí foilsithe ag Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (11 Deireadh Fómhair 2024).

Baineann na Treoirlínte le hoideoirí luathbhlianta, cleachtóirí cúraim leanaí do pháistí atá in aois scoile agus feighlithe linbh atá ag obair faoi láthair chun tacú le lánpháirtíocht fhiúntach leanaí a bhfuil uathachas orthu i dtimpeallachtaí luathfhoghlama agus cúraim, cúraim leanaí in aois scoile agus feighlíochta leanaí.

Tá siad mar chuid de shraith níos leithne tacaíochtaí uileghabhálacha agus spriocdhírithe faoin tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) a ceapadh chun a chinntiú go mbíonn rochtain ag leanaí, ar a bhfuil míchumas agus ag a bhfuil riachtanais bhreise, ar an gclár COLÓ agus go bhféadfaidís a bheith páirteach ann, agus i dtimpeallachtaí luathfhoghlama agus cúraim chomh maith.

Comhlíonann na Treoirlínte an gealltanas sa Straitéis Nuálaíochta Uathachais Náisiúnta, arb é is aidhm di aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus bacainní uathúla atá roimh dhaoine ar a bhfuil uathachas, tuiscint ar an uathachas a fheabhsú agus comhréitigh do dhaoine ar a bhfuil uathachas a fheabhsú sa tsochaí agus ar fud an chórais phoiblí.

Baineann 2,735 sheirbhís leas as tacaíochtaí AIM gach bliain.

Ag labhair dó maidir leis an Treoirlínte Náisiúnta, dúirt an tAire O’Gorman an méid seo a leanas:

“Tá ríméad orm foilsiú na dTreoirlínte Náisiúnta a fhógairt chun tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i Luathfhoghlaim agus Cúram agus Timpeallachtaí Chúram Leanaí in Aois Scoile.

Nuair atá na hoideoirí luathbhlianta agus cleachtóirí aois scoile go hiomlán ar an eolas maidir lena ról i lánpháirtíocht ghníomhach, tosaíonn leanaí atá néara-éagsúil agus a dteaghlaigh siúd a bheith lánpháirteach go fiúntach i dtimpeallachtaí foghlama.

Is cuid den tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) iad na Treoirlínte seo ar sraith tacaíochtaí agus acmhainní iad lena dtacaítear le lánpháirtíocht leanaí sa chlár COLÓ agus níos mó.

Tá súil agam go gcabhraíonn na Treoirlínte le hoideoirí luathbhlianta agus cleachtóirí chúram leanaí in aois scoile leis an ról tábhachtach atá acu chun tacú le cuimsiú gach leanbh ina dtimpeallacht siúd.”

Agus í ag cur fáilte roimh fhoilsiú na dtreoirlínte, dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte an méid seo a leanas:

“Cuirim fáilte is fiche roimh na Treoirlínte seo dóibh siúd a oibríonn lenár leanaí is óige. Is iadsan a chuireann gníomh le Straitéis Nuálaíochta um Uathachas ár Roinne in iúl.

Oibreoidh an Straitéis seo go dian mar fhreagairt ar, agus chun taithí saoil na ndaoine a bhfuil uathachas orthu, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí siúd a fheabhsú, lena gcinntítear go dtabharfar aghaidh ar a ndúshlán agus bacanna go sásúil agus lena bhfeabhsaítear tuiscint agus glacadh i leith an uathachais sa tsochaí agus ar fud an chórais phoiblí.

Is sampla de ghníomh soiléir a d’fhéadfaí dul i bhfeidhm go mór ar shaol leanaí iad na treoirlínte seo do luathfhoghlaim agus cúram.”

Cliceáil anseo chun dul chuig na Treoirlínte Tosaigh chun Tacú le Lánpháirtíocht Fhónta Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i dTimpeallachtaí Luathfhoghlama agus Cúraim, agus Cúraim Leanaí in Aois Scoile.

Chun an preasráiteas iomlán a léamh cliceáil anseo: https://www.gov.ie/ga/preasraitis/da432-x/?

Foilsithe

23/10/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Ar fud na tíre