Deiseanna do Scoileanna: Tionscadal Fhéilire Ealaíon Good Vibes, 2025
Tionscadal Good Vibes
Spriocdháta: 15 Nollaig 2024
Tá Tionscadal Fhéilire Ealaíon Good Vibes, atá nasctha leis an Tionscadal Eolaíochta Oscailte Scenario ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag cur fáilte roimh aon duine a bhfuil spéis acu sna healaíona páirt a ghlacadh sa Tionscadal píolótach d’Fhéilire Ealaíon 2025. Tá an tionscadal oscailte do dhaoine aonair ach is é an togra foirfe é do ranganna bunscoile agus meánscoile.
Tugtar cuireadh duit smaointe cruthaitheacha a fhorbairt mar fhreagra ar an gceist seo:
An bhfuil tú tar éis teacht ar shaothar ealaíne (amhrán, dán, dráma, úrscéal, pictiúr péinteáilte, pictiúr tarraingthe, grianghraf, scannán, dealbh, etc.) a chuaigh i bhfeidhm go tréan ort? Saothar ealaíne ar ní é a d’fhéadfadh daoine a chur ar a suaimhneas, dóchas a thabhairt dóibh agus an tuiscint a neartú go bhféadfadh daoine daonna a bheith níos fearr sa domhan seo atá lán géarchéimeanna?
Is éard atá i gceist le Tionscadal píolótach Fhéilire Ealaíon 2025 ná spreagadh a thabhairt le féilire seachtainiúil ar líne ina mbeidh 52 shaothar ealaíne as measc na n-iontrálacha.
Más duine aonair thú, nó má tá tú i do bhall de ghrúpa, ag a mbeadh spéis a bheith páirteach, roinn do shaothar roghnaithe ar an mbealach seo a leanas:
Tabhair réamhrá gairid i mBéarla maidir leis an saothar ealaíne atá roghnaithe agat (150 focal ar a mhéad), mínigh an fáth a ndeachaigh sé i bhfeidhm ort agus a bhféadfadh sé ardú meanman a thabhairt do dhaoine eile, cuir isteach aon eolas breise eile (íomhá, nasc, foinse/cóipcheart, etc.) a d’fhéadfadh cabhrú le léiriú grinn ar an saothar roghnaithe ealaíne a dhéanamh, cuir isteach agus seol d’iontráil roimh an 15 Nollaig 2024 chuig: goodvibesproject@protonmail.com
Tabhair faoi deara freisin:
Tá fáilte romhat suas le trí shaothar a chur isteach más mian leat.
Toisc go bhfuil an éagsúlacht chultúrtha agus teangacha tábhachtach don tionscadal seo, spreagtar cuiditheoirí ag a bhfuil teanga dhúchais nach é an Béarla é leagan dá n-iontráil/n-iontrálacha a dhéanamh sa teanga dhúchais atá acu.
Is féidir leat PDF a íoslódáil ina bhfuil roinnt samplaí den fhormáid (dhátheangach) inar féidir na hiontrálacha a chur isteach: Iontrálacha don Tionscadal – Roinnt Samplaí
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig Comhordaitheoir an Tionscadail (Manfred Schewe) ag: goodvibesproject@protonmail.com
Féach an t-eolas ar fad maidir le Tionscadal Féilire Good Vibes anseo: www.ucc.ie/en/scenario/scenarioforum/specificprojects/goodvibesartscalendarproject/
Foilsithe
23/10/2024