Ceardlann Scoile ag The Ark: Scríbhneoireacht Chruthaitheach ‘Dinosaur Pie’
The Ark, Baile Átha Cliath
Dátaí: 7 – 9 Samhain 2024
Tar chuig The Ark, Baile Átha Cliath, agus bain sult as ceardlann samhlaíochta chruthaitheach lán le spraoi leis an údar agus éascaitheoir, Jen Wallace, agus é dírithe ar an leabhar fíorghreannmhar is déanaí uaithi, ‘Dinosaur Pie’.
Sa leabhar, tá buachaill darb ainm Rory. Tá ADHD air féin agus ar a mháthair, ach ní air sin atá an leabhar dírithe. Baineann sé le stuif atá i bhfad níos aistí, mar shampla, bheith iompaithe i do dhineasáirín áiféiseach agus bheith ort dul ar scoil ar aon nós. Is scéal é faoi gan do chuid cairde a ithe agus go leor leor féiníní a ghlacadh agus crúba ollmhóra a bheith ort a fhágann go bhfuil sé deacair a bheith ag cluichíocht. Baineann sé leis an gcairdeas agus an teaghlach agus an chaoi le déileáil le cúrsaí nuair atá rudaí ag dul sa mhuileann ort.
Sa cheardlann, gheobhaidh tú an deis smaoineamh faoi eachtraí Rory. Ansin is féidir linn a fhiosrú an chaoi leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tús a chur le pléascadh samhlaíochta.
- Smaointe den scoth a scaoileadh.
- Ár gcarachtair féin a chruthú.
- Domhain iontacha a thógáil.
- An fhiosracht a úsáid chun scéalta a fhí.
Ticéid
Tá na ticéid saor in aisce a bhuí leis an tacaíocht ó Chathair Litríochta UNESCO, Baile Átha Cliath
Scoileanna: Chun áirithint a dhéanamh le haghaidh ceardlanna scoile, bain úsáid as foirm áirithinte scoileanna The Ark nó glaoigh ar 01 6707788.
Dátaí agus Amanna
Don phobal: Dé Sathairn, an 9 Samhain @ 11am agus 2pm
Scoileanna: Déardaoin, 7 Samhain, agus Dé hAoine, an 8 Samhain @ 10.15am agus 12.15pm
Aoiseanna
Do leanaí ar aois 5-8 (idir Naíonáin Mhóra agus Rang a Dó)
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig ark.ie/events/view/school-public-workshops-dinosaur-pie-creative-writing