ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Mhúinteoirí: Ceardlanna Fhómhair/Gheimhreadh 2024 ó Chruthaitheacht Oide


Oide Creativity image featuring pupils and teachers in a classroom setting

Cruthaitheacht Oide
Dátaí: dátaí éagsúla i mí na Samhna 2024

ríméad ar Chlár Éire Ildánach agus Oide a sraith ceardlann forbartha gairmiúla do mhúinteoirí d’Fhómhar/Geimhreadh 2024 a chur i láthair, ceardlanna a thacóidh leis an rannpháirtíocht sna healaíona agus san fhoghlaim.

I measc na gcúrsaí tá:

Ceardlann STE(A)M SEAI
Making Connections: Energy within and across junior cycle specifications
Dátaí: Dé Sathairn, an 9 Samhain 2024, 10:00 a.m. – 1:00 p.m.
Suíomh: Mount Lucas, an Daingean, Co. Uíbh Fhailí, R35 XW10
Ar líne ar Zoom: Dé Máirt, an 19 Samhain 2024, 7:00 p.m. – 8:00 p.m. Ar líne ar Zoom

Tá ceardlann roghnach STE(A)M aon lae nó ar líne á cur i láthair, ag Cruthaitheacht Oide, i gcomhar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Beidh an cheardlann oscailte do mhúinteoirí ó gach disciplín ábhair. Téigh anseo chun na sonraí iomlána a fháil.

Crafting Connections

Ceardlann scríbhneoireachta cruthaithí
Dátaí: Dé Sathairn, an 16 Samhain 2024, 10:30 a.m. – 3:30 p.m.
Suíomh: Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), 86 Faiche Stiabhna, D02 XY43

Tá ceardlann aon lae á cur i láthair ag Cruthaitheacht Oide, i gcomhar leis an bhfile agus scríbhneoir Colm Keegan. Beidh sí oscailte do gach múinteoir. Beidh an cheardlann ar siúl i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI). Téigh anseo chun na sonraí iomlána a fháil.

Tugann an cheardlann an deis do rannpháirtithe:

  • iniúchadh a dhéanamh ar Mhúsaem Litríochta na hÉireann (MoLI) agus í a úsáid mar spreagadh agus foinse inspioráide,
  • páirt a ghlacadh i bpróiseas éisteachta gníomhaí chun plé a dhéanamh ar an gcaidreamh idir múinteoirí agus scoláirí sa seomra ranga,
  • smaoineamh ar an bhfocal scríofa agus an úsáid a bhain Joyce as an teanga,
  • an chaoi a gcuirtear focail in iúl i dtéacsanna ilmhódacha an lae inniu a phlé,
  • sult a bhaint as an am agus as an spás chun a gcuid scríbhneoireachta féin a fhorbairt.

Introduction to Visual Thinking Strategies (VTS): Learning to look
Dátaí: Dé Sathairn, an 16 Samhain agus Dé Sathairn, an 30 Samhain 2024
Suíomh: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)

Tá ceardlann roghnach dhá lá, a bheidh oscailte do gach múinteoir, á cur i láthair ag Cruthaitheacht Oide i gcomhar leis an ealaíontóir Claire Halpin agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA). Téigh anseo chun na sonraí iomlána a fháil.

Tugann an cheardlann an deis do rannpháirtithe:

  • féachaint ar réimse íomhánna agus freagairt dóibh ag úsáid an mhodha féachana VTS,
  • an modh féachana VTS a chleachtadh i dtimpeallacht chomhoibríoch agus thacúil,
  • an chaoi a dtacaíonn roghnú íomhánna tuisceanach agus freagrach le forbairt aeistéitiúil agus scileanna smaointeoireachta criticiúla,
  • machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir an modh VTS a úsáid chun scoláirí a spreagadh le híomhánna a anailísiú.

Tá an líon spásanna do gach ceardlann teoranta. Beidh liosta feithimh i bhfeidhm againn.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an liosta iomlán ceardlann ó Chruthaitheacht Oide, chomh maith leis na dátaí agus d’áit a chur in áirithe, téigh chuig: www.creativity.oide.ie/

Foilsithe

30/10/2024

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre