ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deiseanna do Scoileanna: Comórtas Ceoil Waltons RTÉ lyric fm do Scoileanna, 2025


School student singing on stage in front of a choir for Waltons School of Music competition finalists 2024

Comórtas Ceoil Waltons RTÉ lyric fm do Scoileanna, 2025
Dáta deiridh: 12 Feabhra 2025 ag 5pm

Tá ríméad ar Waltons New School of Music agus RTÉ lyric fm Comórtas Ceoil Waltons RTÉ lyric fm do Scoileanna, 2025, a fhógairt!

Maidir leis an gComórtas

Imeacht náisiúnta neamhbhrabúis atá i gComórtas Waltons RTÉ lyric fm do Scoileanna ina ndéantar ceiliúradh ar an gceol agus lena dtugtar tacaíocht don cheol i scoileanna na hÉireann. Cuireadh ar bun é den chéad uair in 2012.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil i bPoblacht na hÉireann incháilithe chun cur isteach ar an gComórtas, agus tá páirt glactha ag scoileanna ó gach ceann de na 26 chontae ann sna blianta roimhe seo.

Is é cuspóir an Chomórtais ná na buntáistí ollmhóra do dhaoine óga a bhaineann le cruthú an cheoil chruthaithigh a chur chun cinn. Toisc a oscailte atá sé, tugann sé an deis do scoileanna a bheith ag smaoineamh agus obair a dhéanamh go cruthaitheach in aon seánra (nó i gcúpla seánra) ceoil agus le haon mheascán scoláirí, agus togra ceoil úr nua a fhorbairt lena mbaineann an fhoghlaim ar gach céim den phróiseas.

Cuirtear bailchríoch ar an gComórtas gach bliain le Ceolchoirm Cheannais cheiliúrtha sa Cheoláras Náisiúnta, ina gcuireann an dá ghrúpa dhéag scoile ceoil atá sa bhabhta ceannais (sé bhunscoil agus sé iar-bhunscoil) a gcuid tograí i láthair os comhair a bpiaraí agus painéal moltóirí mór le rá. Sruthaíonn RTÉ lyric fm an cheolchoirm iomlán beo agus is féidir féachaint uirthi ó áit ar bith in Éirinn nó timpeall na cruinne.

Ag deireadh na Ceolchoirme Ceannais, fógraíonn na moltóirí na sé ghrúpa bhuacacha (trí bhunscoil agus trí iar-bhunscoil), a fhaigheann trófaithe agus duaiseanna dar luach €7,000 mar dhearbháin d’uirlisí agus trealamh ceoil ó Waltons Music Ireland dá scoileanna, lena n-áirítear dhá Chéad Duais de dhearbháin €2,000, dhá Dhara Duais de dhearbháin €1,000 agus dhá Thríú Duais de dhearbháin €500.

An Chaoi a nOibríonn sé

  1. Cuireann na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna grúpaí ceoil scoláirí de cheol uirlise, de cheol gutha, nó meascán den dá rud le chéile (idir 10 agus 40 ceoltóir), a chruthaíonn píosa ensemble nó amhráin a thagann ar bhealach éigin le téama an Chomórtais sa bhliain sin. Is féidir an grúpa a bheith comhdhéanta d’aon mheascán amhránaithe nó ceoltóirí uirlise, is fútsa atá sé. Is é téama na bliana seo ná The Key of Life.
  2. Cuireann na scoileanna foirm iontrála isteach ar líne agus seolann siad físeán de thaibhiú an ghrúpa chomh maith le grianghraf jpeg den ghrúpa.
  3. Déanann foireann moltóirí chéad bhabhta, agus roghnaítear dhá ghrúpa dhéag don bhabhta Ceannais (sé bhunscoil agus sé iar-bhunscoil).
  4. Fógraítear na hiomaitheoirí Ceannais ar RTÉ lyric fm. Tugtar aitheantas do ghrúpaí, nach roghnaítear mar iomaitheoirí Ceannais ach a mbaineann tuillteanas leo mar sin féin, mar ghrúpaí atá Molta nó Molta go hArd. Cruthaítear teastais do na scoileanna agus do na scoláirí ar fad a ghlacann páirt, agus liostaítear na grúpaí ar shuíomh gréasáin Waltons New School of Music. Cuirtear físeáin iontrála na n-iomaitheoirí Ceannais ar chainéal YouTube an Chomórtais Ceoil do Scoileanna.
  5. Glacann an dá ghrúpa dhéag Ceannais páirt i gCeolchoirm Cheannais cheiliúrtha ag an gCeoláras Náisiúnta. Déanann painéal moltóirí mór le rá measúnú ar na taibhithe, agus fógraíonn siad na sé ghrúpa bhuacacha ag deireadh na ceolchoirme. Cuirtear físeáin an Chomórtais Ceannais ar chainéal YouTube an Chomórtais Ceoil do Scoileanna ina dhiaidh sin, agus cuirtear na físeáin agus na grianghraif ar shuíomh gréasáin Waltons New School of Music.

Féilire Chomórtas 2025:

Dé Céadaoin, an 12 Feabhra 2025, 5 pm
Spriocdháta do na scoileanna chun a n-iontrálacha a chur isteach.

Dé hAoine, an 28 Feabhra 2025
Fógraítear an dá scoil déag Ceannais ar RTÉ lyric fm.

Dé Luain, an 24 Márta 2025
Ceolchoirm Cheannais

Chun tuilleadh eolais agus na foirmeacha iontrála a fháil, téigh chuig newschool.ie/musicforschools.

Foilsithe

5/11/2024

Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Scríobh Amhrán agus Taibhiú

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre