ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Scríbhneoirí: Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna de chuid Éigse Éireann


A group of school students

Íomhá le caoinchead Éigse Éireann

Éigse Éireann
Spriocdháta: Leanúnach

Glaoch ar Iarratais: Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna

Cuireann Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna airgead ar fáil do scoileanna chun fáilte a chur roimh scríbhneoirí agus scéalaithe cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud oileán na hÉireann. Tá an scéim seo á cómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus tá sí á riar ag Éigse Éireann.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus tá an scéim oscailte d’fhilí, úrscéalaithe, scéalaithe, scríbhneoirí ficsin do dhéagóirí, scríbhneoirí do pháistí, drámadóirí agus scríbhneoirí scripte le bheith mar chuid d’eolaire Scríbhneoirí sna Scoileanna.

Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha tuilleadh faisnéise a fháil faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus an fhoirm iarratais ar líne ón nasc seo a leanas: poetryireland.ie/education/information-for-writers/

Foilsithe

13/11/2024

Foirmeacha Ealaíne

Litríocht

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre