ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024 – Achoimre


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024

“An emancipated society however would not be a unitary state, but the realisation of generality (universality) in the reconciliation of differences”

Minima Moralia, Theodor Adorno 1951

Ní ba luaithe an mhí seo, ar an 9 Samhain, d’fhilleamar ar thimpeallacht spreagúil Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath don naoú Lá Náisiúnta bliantúil ag Tairseach na nEalaíon san Oideachas, i gcomhpháirtíocht leis an Scoil Ealaíne agus Deartha. Bhí breis agus 100 ealaíontóir, múinteoir agus gairmí na n-ealaíon san oideachas i láthair, agus rinneadh iniúchadh le clár cur i láthair agus ceardlann chomhdháil na bliana seo ar an bhfócas speisialta “Amplifying All Voices”, agus ar an gcaoi ar féidir le treisiú dearcthaí éagsúla ar an gcruthaitheacht agus oideachas daoine a chumasú, muinín a fhorbairt, dúil a spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil.

D’oscail an Dr Orla McDonagh, Déan Dhámh na nEalaíon & na nDaonnachtaí in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus Kate Delaney, ó Choiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus Príomhaí Cúnta sa Chlár Éire Ildánach, comhdháil na bliana seo i gcomhpháirt. I ndiaidh an aithisc fáilte bhí an t-eochairimeacht, plé painéil comhchéime a modhnaigh Jennifer Buggie ó Choiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus Comhairleoir do na hEalaíona & don Chruthaitheacht san Oideachas leis an Roinn Oideachais agus an tIonad Oideachais, Trá Lí, leis na haoichainteoirí Leon Diop, Ceann Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Francesca Hutchinson, ealaíontóir ildisciplíneach agus múinteoir iar-bhunscoile, an Dr Pádraig Kirk, Stiúrthóir Bainistíochta Oide, agus an Dr Hannagh McGinley, Ollamh Cúnta san Oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas.

Agus é ag machnamh ar an lá ina aitheasc rapóirtéara, dhírigh Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Chruthaitheacha le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Adam Stoneman, ar roinnt de na snáitheanna a tháinig chun cinn arís agus arís eile le linn an phlé, na gcur i láthair agus na gceardlann spreagúil a bhí ar siúl. “An téarma ceoil ilfhóine… is bealach é sin le smaoineamh ar an méid atá ar bun againn anseo toisc go dtagraíonn ilfhóine sa cheol do chodanna nó glórtha iomadúla séiseacha atá neamhspleách agus chomh tábhachtach lena chéile… nochtann an ilfhóine an dénárthán bréagach idir ardcheol clasaiceach, ilfhóine Bach agus an cheoil bharócaigh, agus ceol tíre simplí, is amaidí é… an t-idirdhealú sin idir ard agus íseal, caithfimid cur ina aghaidh i gcónaí.

Is féidir le harmóin agus díshondas a bheith san ilfhóine… ar thaobh amháin, nuair a chuirimid áit ar fáil do ghlórtha, is féidir comhtháthú a chruthú ach ní mór dúinn spás a chur ar fáil don chonspóid freisin… má táimid chun spás a chur ar fáil agus glórtha a ardú, caithfimid a bheith réidh le rudaí míshuaimhneacha a chloisteáil freisin, rudaí nach raibh coinne againn leo a chloisteáil, an méid nach rabhamar ag iarraidh a chloisteáil, a chloisteáil”.

Agus é ag tagairt siar d’fhocail Theodor Adorno dúirt sé: “is san imirt sin idir an uilíocht agus coinneáil difríochtaí, atá an ilfhóine dar liomsa agus is é sin atá á feiceáil, á machnamh agus á plé againn inniu dar liom féin”.

Míle buíochas le gach duine a thug gach uile chúnamh dúinn ar an lá! Gabhaimid buíochas faoi leith leis na taibheoirí óga ó chlubanna giotár, méarchlár agus bannaí Choláiste Marino, ar thug an múinteoir ceoil Arjun Desai tionlacan dóibh, a chur clabhsúr leis an lá le taibhiú ceiliúrtha.

Delegates listen to panel discussion at National Portal Day 2025

Íomhá 1: Plé painéil comhchéime, ón gclé: Jennifer Buggie, Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas agus Comhairleoir do na hEalaíona & don Chruthaitheacht san Oideachas leis an Roinn Oideachais agus an tIonad Oideachais, Trá Lí, Leon Diop, Ceann Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe Chomhairle Ealaíon na hÉireann, an Dr Pádraig Kirk, Stiúrthóir Bainistíochta Oide, an Dr Hannagh McGinley, Ollamh Cúnta san Oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas, agus Francesca Hutchinson, ealaíontóir ildisciplíneach agus múinteoir iar-bhunscoile.

People participate in a streetart workshop during Arts in Education Portal National Day 2024

Íomhá 2: Ceardlann Chruthaitheach StreetArt Ink

Attendees chat and laugh together at the Arts in Education Portal National Day 2024

Íomhá 3: Toscairí ag Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2024 ag Scoil Ealaíne agus Deartha Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Students from Marino College play guitar during a performance at Arts in Education Portal National Day 2024

Íomhá 4: Taibheoir óg, taibhiú bhanna agus chlub giotár Choláiste Marino

Foilsithe

28/11/2024