Deiseanna do Scoileanna: Maoiniú Fógartha d’Ealaíontóirí i Scoileanna agus d’Amharclannaíocht na nÓg i gContae Chiarraí

Íomhá le caoinchead Chomhairle Contae Chiarraí. Grianghraf: Rory Kirby
Comhairle Contae Chiarraí
An dáta deiridh i gcomhair iarratas: 15 Eanáir 2025 ag 1pm
D’fhógair Comhairle Contae Chiarraí deiseanna maoiniúcháin don bhliain 2025, ina measc sin an Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna agus Scéim Deontais d’Amharclannaíocht na nÓg.
An Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna, 2025
Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Chiarraí maoiniúchán a chur ar fáil do roinnt tionscadal i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna i gContae Chiarraí faoina Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna in 2025.
Is é is cuspóir don scéim ná é a chur ar chumas na scoláirí agus na foirne teagaisc obair a dhéanamh i bpáirt le healaíontóir gairmiúil ar thionscadal cruthaitheach le linn tréimhse shínithe.
Ceapadh an scéim chun an deis a thabhairt do scoileanna tionscadal a dhéanamh lena gcothaítear samhlaíocht chruthaitheach na leanaí agus scileanna na múinteoirí atá páirteach. Mar gheall air sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh scoileanna, a dhéanfaidh iarratas faoin scéim seo, machnamh ar na deiseanna a bhaineann le hobair a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le healaíontóir i gcur chuige ‘faoi stiúir próisis’ in ionad táirge deiridh réamhshocraithe a leagan amach mar phríomhsprioc an tionscadail.
Is féidir aon fhoirm ealaíne a bheith i gceist leis an tionscadal, mar shampla, damhsa, ceol, cumadóireacht, drámaíocht, etc. D’fhéadfadh disciplíní éagsúla a bheith i gceist le tionscadal freisin (scríbhneoireacht agus scannánaíocht cuir i gcás), a fhad agus atá an aidhm fhoriomlán ag teacht le cur chuige den sórt sin.
I gcás scoileanna dar deonaíodh sparánacht sna blianta roimhe seo, ní mór dóibh fanacht bliain amháin sula mbeidh siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh arís (e.g. má d’éirigh leis an iarratas in 2023, is féidir iarratas a dhéanamh arís in 2025).
Scéim Deontais d’Amharclannaíocht na nÓg, 2025
Tá maoiniúchán deontais le fáil trí Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí in 2025 le haghaidh fhorbairt amharclanna na n-óg i gCiarraí. Tá sé i gceist go dtacódh an ciste le fás amharclanna na n-óg agus amharclannaíocht na n-óg trí chomhpháirtíocht idir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiaraí (atá á cómhaoiniú ag Comhairle Ealaíon na hÉireann) agus Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach Chiarraí. Leis an gcomhar sin, tacaítear le rochtain a thabhairt do gach duine óg i gCiarraí ar amharclann na n-óg gan tiomáint níos faide ná 45 nóiméad óna n-áit chónaithe a bheith i gceist.
Is éard atá i gceist le hAmharclann na nÓg, de réir na scéime seo, ná áit ar féidir le daoine óga iad féin a chur in iúl go cruthaitheach, agus a gcuid scileanna idirphearsanta agus cumarsáide a fhorbairt agus iad ag déanamh amhlaidh. Ní mór d’iarratasóirí breac-chuntas a thabhairt ar chlár bliantúil gníomhaíochta lena n-éascaítear idirghníomhaíocht chruthaitheach a mball óg.
Tá an Scéim Deontais d’Amharclannaíocht na nÓg spriocdhírithe ar dhaoine óga idir 12 agus 24 bliain d’aois, atá ag iarraidh páirt a ghlacadh i ndrámaíocht agus in amharclannaíocht ghrúpa i dtimpeallacht spraíúil shábháilte, ina bhfaigheann siad tacaíocht ó eagraíocht neamhbhrabúis.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an dá dheis mhaoiniúcháin, na treoirlínte agus na foirmeacha iarratais, féach https://consult.kerrycoco.ie/ga/applications